Ó Chógar go Guth
Is mise Caitríona Ruane, Aire Oideachas do na sé chontae. Ba
mhaith liom fáilte críoúil a chur roimh gach duine anseo inniu
chuig léacht Bord na Gaeilge, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Gabhaim buíochas don Ollscoil agus Bord na Gaeilge as an
chuireadh seo.
Agus gabhaim buíochas don ollscoil agus an Acadamh as an sar-
obair ata déanta acu.
Tá an t-iarthar múscailte inniu!
Is deis iontach é seo chun bualadh le chéile agus ceist na Gaeilge
a phlé.
Tá athbheochan na Gaeilge ar an scéal is rathúla sa tír seo ó
thaobh an chultúir de.
Is gné lárnach í an Ghaeilge sa chultúr Gaelach atá mar oidhreacht
chomónta do gach duine a chónaíonn ar an oileán seo (agus go
minic anois do dhaoine den sliocht Éireannach i dtíortha ar fud an
domhain).
De réir le Dhaonáireamh dhá mhile 's a sé, tá níos mó na milliún go
Leith cainteoir Gaeilge sna sé chontae is fiche. Sin daichead a
haon faoin gceád den phobal agus is ardú seacht faoin gcead é ó
dhá mhíle 's a dó.
Sna sé chontae tá trí bhunscoileanna nua bunaithe le déanaí-
1-Gaelscoil Ghleann Darach
2-Gaelscoil Éanna
3-Gaelscoil na Dáróige
Is linne an teanga mar sin de, pé creideamh ná dearcadh polaitiúil
atá againn.
Saibhraíonn an teanga muid go léir.
Sin an fáth a chreidim féin go docht go bhfuil gá leis an teanga a
chosaint.
Tá líon na gcainteoirí Gaeilge ag dul ó neart go neart, an t-am ar
fad.
Tá méadú suntasach go háirithe ar líon na bpáistí óga atá ag fáil a
gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge agus is iad a dtodhchaí siúd
agus a gcearta siúd a chaithfear a chinntiú trí achtú.
Tá borradh Gaeloideachais ar na dea-scéaltaí de chuid pobal na
Gaeilge.
Tá sé mar príomh-chúram agamsa cinntiú go mbíonn scolaíocht
den chéad scoth ag páistí sa chuid thuaidh den tír. Tá líon na
dtúismitheoirí atá ag roghnú Gaeloideachais ag méadú an t-am ar
fad. Tá mise ag rá leis na tuismítheoirí gur féidir leo bheith cinnte
go bhfaighfidh siad an oideachas is fearr gur féidir linn a thabhairt
dóibh.
Chuaigh me chuid páisití chuig Bunscoil iontach ach bhí díoma
mór orm nuair nach raibh meanscoil ar fáil i mo cheantar, ach b'é
an gaeloideachas mo chéad rogha mar baineann ár mbunscoil leis
an pobal go léir; is rud pearsanta í; tá caidreamh mór agam leis na
muinteoirí agus tuigim go bhfuil ga ann glúin ilchultúrtha a chruthú
in Éireann.
Tá athbheochan na Gaeilge ár ngóthú thar na bearta. Tá
bunscoileanna agus naíscoileanna ag forbairt ar fud na sé chontae
go minic freisin agus is rud iontach í sin.
Inné, mar shampla, fuair Naíscoil an Droichead stádás oifigiúil I
mBéal Feirste Theas, Maith dóibh!
Tá rudaí ag forbairt agus ag neartú; tús maith leath na hoibre ach
tá tuilleadh le dhéanamh-
Faoi láthair tá céad seasca a hocht bunscoil lán-Ghaeilge agus
daichead a trí iarbhunscoil lán-Ghaeilge faoi lán seol lasmuigh den
Ghaeltacht le os cionn troiche 's a trí míle páistí ag freastal orthu.
De réir le Comhairle na Gaelscolaíocht tá tríoche's a dó múinteoir
lánaimseartha agus trí chéad seasca a trí dalta ar Mheánscoil
Feirste. Tá dhá iar-bhunscoil eile
ann anois a chuireann gaelscolaíocht ar fáil - Meánscoil Bhríde i
nDoire Cholm Cille agus Coláiste Chaitríona in Ard Mhacha. San
iomlán, tá gaelscolaíocht á cur ar fáil i seasca a cuig naíscoil,
bunscoil agus meánscoil faoi láthair
do tri mhíle, dhá chéad agus fíche a hocht dalta." Chomh maith le
sin tá an Choláiste Spéiriní ag fás fosta agus ní thig linn déármad a
dhéanamh ar na daltaí atá ag freastail ar scoileanna Bhéarla i
ndiaidh saol sa Bhunscoil. Ba chóir dúinn cearta s'acu a chosaint.
Tá rudaí le foghlaim againn ón chuid seo den tír agus ó na sé
chontae chomh maith. Táim den bharúil freisin gur chóir dúinn
labhairt le chéile fud fad an oileán chun córas oideachais iontach a
chur i bhfeidhm agus gur choir go mbeadh breis chomhoibrithe
thuaidh/theas ar cheist na gaelscolaíochta/ an oideachais.
Is maith an rud go bhfuil páistí ag freastail ar naíscoileanna,
bunscoileanna agus meanscoileanna ach táim den bharúil go
bhfuil tuilleadh aiseanna de dhíth. Ní leor go bhfuil páistí ag dul ar
scoil go láethiúil agus sin é.
Ní leor go bhfuil páistí ag foghlaim an ghaeilge i scoileanna go mall
ina saol. Bhí se molta agam agus curtha I bhfeidhm go bhfuil an
Ghaeilge agus An Spainnis ar fail do páistí óga.
Molaim níos mó tionscadáil nuálacha le haghaidh páistí.
Fiontracha spóirt, fiontracha iarscoile, clubanna óige i nGaeilge.
Molaim níos mó treallamh agus áiseanna, treallamh agus áiseanna
cuí dár bpáistí. Leabhair Harry Potter as Gaeilge, Diary of a Chav
as Gaeilge chomh maith le Péig ar ndóigh.
Sa lá atá inniu ann tá i bhfad níos mó deiseanna ann le haghaidh
páistí i ndiaidh a saol i nGaeloideachas. Tá gnóanna ag úsáid níos
mó Gaeilge na laethanta seo ná riamh chun a gcuid seirbhísí don
phobal a dhéanamh níos tarraingtí. Tá na meáin chumarsáide
Gaelacha ag dul ó neart go neart freisin i ndiaidh roinnt
deachtrachtaí ar na mallaibh le níos mó na 10 éagraíocht in Éirinn
anois. Tá an todhchaí slán sábhailte.
Ní hé sin le rá go bhfuil gach rud foirfe anois.
Níl sé.
Ach ó thaobh tumoideachais de; tugaim tacaíocht don fheachtas ar
son luath-thumoideachais. Táim ag caint faoin Ciorclán a chuir
deireadh leis an luath-thumoideachas i ngaelscoileanna trí iachall
a chur orthu an Béarla a mhúineadh ón dara théarma sna naíonáin
shóisir. Tá argóint mhór casta ann. Tá buntaistí ag tumoideachas
ar fud an oileáin agus anonn.
Ag caint go pearsanta d'fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil ach
nílim líofa, ar an dhrochuair!! Ach nuair a chaith mé am i Méirica
Theas, le Spáinnis timpeall orm an t-am ar fad, d'obair sé dom.
Nuair a bhain mé Niacaragua amach agus mise ach fiche's a haon
bhí me ábalta Spainnis a labhairt I ndiaidh trí mhí!/
D'obair sé do na hiarchimí a thainig amach ó phriosiún líofa freisin.
Bhunaigh siad Jailtachtaí ar léith. Ba inspioráid iad go léir.
Agus tá cuma ar an scéal gur obair sé do Des Bishop fosta! Cosúil
le Des chuaigh mise go dtí an tAcadamh i gCeathrú Rua anuraidh
agus chuaigh mé ar ais ar scoil freisin!
Dúirt Des;."
"The Irish language gang have sort of adopted me, so for the
moment I'm immersed in it. But in the future? I don't know. I think
rather than be frustrated with it, I would be trying to motivate
people to speak it. I think the time is ripe but maybe that's the
naivety of the recent convert. Nobody can deny that there's a
momentum behind it. It is becoming associated with forward
thinking and innovation, even with wealth and elitism, which is just
comical given where it's come from."
Chríochnaigh sé le "long live náivity".
Agus tá "náivity" de dhíth. Ghlac sé náivity chun Glór na nGael,
Comhairle na Gaelscolaíochta agus Conradh na Gaeilge a fhorbairt agus
feach orthu anois!
Creidim go bhfuil pointe go iontach tábhachtach ag an fhear grinn
Des.
Agus credim gur thosaigh Dara Ó Cinnéide plé freisin nuair a
dhúirt sé;
"Sometimes I'm optimistic and sometimes I'm deeply pessimistic. I
think there is certainly a lot of goodwill towards it at the moment
and the hostility that was there has mainly evaporated, which is a
good thing. But the language is still being pushed underground all
the time in a very passive, subtle way, and you are forced to speak
English to accommodate other people, which is very strange. You
can't go into a shop and ask for something in Irish for example -
it's made very difficult for you to speak Irish even though it should
be a personal decision.
"Things like Seachtain na Gaeilge are a great effort, but it takes
more than that. At the moment it's mainly being done by the
schools and there have been huge mistakes in the promotion of
the language in the past."
Leis na bhfocail sin inár gcluasa ba choir dúínn an Ghaeilge a
shábhailt.
Anois a chairde, Ag bogadh go háit eile sa tír seo, tá dul chun cinn
thar barr déanta ó thaobh na Gaelscolaíochta sna sé chontae de ó
aontaíodh Comhaontú Aoine an Chéasta, GFA ar dtús le Máirtín
MacAonghusa agus anois fá churam s'agam féin.
Tá dul chun cinn déanta ó thaobh na North South Ministerial
Bodies agus an All Ireland Council freisin ón am a thosaigh na
hinstitiudí , agus bhí crinniú tabhachtact againn in Dun Dealgan
agus ceann tábhachtach in Ard Mhacha le baill DUP ina measc.
Tá athbhreithiúnas faoi lán tseoil ar Ghaeloideachas. Ghlac mé an
fhoireann chuig Acadamh na Gaillimhe agus chonaic siad an
Ghaeilge mar theanga oibre. Chonaic said paistí ag úsáid a
gcultúir gan aon bagairt, ag úsáid a teanga go nadurtha.
Tá muid ag obair le cinntiú go mbíonn polasaithe agus
gníomhaíochta an rialtais a bhaineann leis an Ghaeilge scrúdaithe
ó thaobh cearta de.
Tá siad seo mar cuid den chreatlach dlíthiúl - is dlíthe anois iad.
Seasaim sa chamber/ seomra mór go seachtainiúil agus bíonn baill
DUP ag déanamh ionsaí ar an Ghaeilge, mar shampla-
(shows oral questions)
Anois, cé nach Gaeilgeoir iontach mé úsáidim an Ghaeilge go
minic. Nar chóir go mbeadh eagla ar duine ar bith roimh an
Ghaeilge. Ba choir dúinn é a chosaint!
In ainneoin an chatha a bheas ann amach anseo le baill den chóras
pholaitiúil a bhfuil an nimh san fhuil acu don Ghaeilge, leanfaidh
Airí Shinn Féin ar aghaidh, taobh istigh dá gcuid ranna rialtais, a
thabhairt tosaíochta don Ghaeilge, an tosaíocht atá tuillte aici.
Ba mhaith linn córas oideachais iontach a fheicéail.
Táimid go fóill ag iarrraidh go solátharfar acmhainní breise don
rannóg réamhscoile. Táim go fóill ag diriú ar sholáthar riachtanas
speisialta don rannóg Gaeilge.
Anois ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi Acht na Gaeilge.
Creidim go domhain go bhfaighfidh muid Acht Gaeilge.
Níor chóir go mbeadh iontas ar dhuine ar bith sa seomra seo gur
dhiúltaigh an DUP de.
Bheadh sé go maith dá nglacfadh aontachtóirí agus airí Sasanacha
go bhfuil na cearta céanna ag Gaeilgeoirí is atá ag gach duine eile
a labhrann Béarla. Agus cosúil le hAlban agus anseo sna sé
Chontae is fiche.
Mar sin, caithfidh muid feach ar an streachtailt chun cearta
Gaeilgeoirí a fháil, caithfidh muid cuimhniú gur troid leanúnach é
mar proiséas athraithe.
Tá sé de ceart againn Acht Gaeilge a fháil ach ní tharlóidh sé gan
feachtasaíocht agus obair chun é a bhaint amach, agus tá spás
san fheachtasaíocht sin do gach duine, daoine sa halla seo san
aireamh.
Deirim le gach duine anseo -bígí páirteach sna feachtas ar son
Acht Gaeilge nó ní féidir linn dearmad a dhéanamh go bhfuil an
ceist seo faoi chearta - go bhfuil cearta Gaeilgeoirí chomh
tabhachtach le cearta saoránaigh freisin.
Creidim go láidir go bhfuil an pobal Phrotastúnach chun tosaigh ar
an ábhar seo. Bhí mé ag leacht an tseachtain seo caite in Eaglais
Presbyterian faoin Ghaeilge. Téim chuig scoileanna
Protastúnacha go minic agus failtíonn siad mé as Gaeilge. Taim
ag iarraidh an bhearna a laghdú.
Ag croílár na díospóireachta seo agus na n-iarrachtaí chun an
Ghaeilge a chur chun cinn, tá ceist na gceart.
Tá sé de ceart ag Gaeilgeoirí a saol a chaitheamh trí mheán na
Gaeilge - ina gcuid gnó agus gnóthaí sóisialta.
Táim ag caint faoi cearta ó thuaidh agus ó dheas.
Tá an bogadh chun cinn suntasach déanta go dtí seo mar gheall ar
an obair dian ó gníomhairí, múinteoirí, clanna agus pobail.
Ba mhaith liom buíochas croíúil a thabhairt dóibh uilig.
Tharla seo in ainneoin cur in aghaidh millteanach ón chóras
pholaitiúl.
Tharla seo gan Acht Gaeilge a bheith againn.
Mar sin de, má leanann muid ag obair le chéile, leis an
dianseasmhacht agus díogras céanna a thug anseo muid, ansin níl
amhras ar bith orm go mbeidh rath orainn.
Mar a dhúirt ceann dár laochra,
"Is é gáire ár gcuid páistí a bheas mar dhíoltas againn."
Agus tá guth ár gcuid páistí ag árdú. I nuachtlitir le déanaí curtha
amach ag Iontabhas na Gaelscolaíochta chum siad an tearma "ó
chógar go guth."
Agus tá an guth sin níos láidhre de thairbhe an dea obair atá
déanta ag Conradh na Gaeilge, Iontaobhas na Gelscolaíchta,
Pobal, Foras na Gaeilge, Altram, Glór na nGael agus go háirithe na
tuismitheoirí, sheas said isteach sa bhearna baoil ar ais agus ar
ais.
Agus le sin i gcuimhne ba mhaith liom an leacht seo a chroichnú ó
chógar go guth freisin.
Go raibh maith agaibh.