Sinn Féin - On Your Side

Education Minister gives Bord na Gaeilge Lecture

2 April, 2008


Sinn Féin Education Minister Caitríona Ruane has given the Bord na Gaeilge Lecture to the NUI in Galway entited 'Irish-medium Education in the 21st Century'.

Full text of speech (check against delivery)

Ó Chógar go Guth.

Is mise Caitríona Ruane, Aire Oideachas do na sé chontae. Ba mhaith liom fáilte críoúil a chur roimh gach duine anseo inniu chuig léacht Bord na Gaeilge, in Ollscoil na Éireann, Gaillimh.

Gabhaim buíochas don Ollscoil agus Bord na Gaeilge as an chuireadh seo.

Agus gabhaim buíochas don ollscoil agus an Acadamh as an sar obair ata déanta acu.

Tá an t-iarthar múscailte inniu!

Is deis iontach é seo chun bualadh le chéile agus ceist na Gaeilge a phlé. Tá athbheochan na Gaeilge ar an scéal is rathúla sa tír seo ó thaobh an chultúir de.

Is gné lárnach í an Ghaeilge sa chultúr Gaelach atá mar oidhreacht chomónta do gach duine a chónaíonn ar an oileán seo (agus go minic anois do dhaoine den sliocht Éireannach i dtíortha ar fud an domhain). De réir le Dhaonáireamh dhá mhile 's a sé, tá níos mó na milliún go

Leith cainteoir Gaeilge sna sé chontae is fiche. Sin daichead a haon faoin gceád den phobal agus is ardú seacht faoin gcead é ó dhá mhíle 's a dó.

Sna sé chontae tá trí bhunscoileanna nua bunaithe le déanaí -

  1. Gaelscoil Ghleann Darach
  2. Gaelscoil Éanna
  3. Gaelscoil na Dáróige

Is linne an teanga mar sin de, pé creideamh ná dearcadh polaitiúil atá againn. Saibhraíonn an teanga muid go léir. Sin an fáth a chreidim féin go docht go bhfuil gá leis an teanga a chosaint.

Tá líon na gcainteoirí Gaeilge ag dul ó neart go neart, an t-am ar fad. Tá méadú suntasach go háirithe ar líon na bpáistí óga atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge agus is iad a dtodhchaí siúd agus a gcearta siúd a chaithfear a chinntiú trí achtú.Tá borradh Gaeloideachais ar na dea-scéaltaí de chuid pobal na Gaeilge.

Tá sé mar príomh-chúram agamsa cinntiú go mbíonn scolaíocht den chéad scoth ag páistí sa chuid thuaidh den tír. Tá líon na dtúismitheoirí atá ag roghnú Gaeloideachais ag méadú an t-am ar fad. Tá mise ag rá leis na tuismítheoirí gur féidir leo bheith cinnte go bhfaighfidh siad an oideachas is fearr gur féidir linn a thabhairt dóibh.

Chuaigh me chuid páisití chuig Bunscoil iontach ach bhí díoma mór orm nuair nach raibh meanscoil ar fáil i mo cheantar, ach b'é an gaeloideachas mo chéad rogha mar baineann ár mbunscoil leis an pobal go léir; is rud pearsanta í; tá caidreamh mór agam leis na muinteoirí agus tuigim go bhfuil ga ann glúin ilchultúrtha a chruthú in Éireann.

Tá athbheochan na Gaeilge ár ngóthú thar na bearta. Tá bunscoileanna agus naíscoileanna ag forbairt ar fud na sé chontae go minic freisin agus is rud iontach í sin.

Inné, mar shampla, fuair Naíscoil an Droichead stádás oifigiúil I mBéal Feirste Theas, Maith dóibh!

Tá rudaí ag forbairt agus ag neartú; tús maith leath na hoibre ach tá tuilleadh le dhéanamh -

Faoi láthair tá céad seasca a hocht bunscoil lán-Ghaeilge agus daichead a trí iarbhunscoil lán-Ghaeilge faoi lán seol lasmuigh den Ghaeltacht le os cionn troiche 's a trí míle páistí ag freastal orthu.

De réir le Comhairle na Gaelscolaíocht tá tríoche's a dó múinteoir lánaimseartha agus trí chéad seasca a trí dalta ar Mheánscoil Feirste. Tá dhá iar-bhunscoil eile ann anois a chuireann gaelscolaíocht ar fáil - Meánscoil Bhríde i

nDoire Cholm Cille agus Coláiste Chaitríona in Ard Mhacha. San iomlán, tá gaelscolaíocht á cur ar fáil i seasca a cuig naíscoil, bunscoil agus meánscoil faoi láthair do tri mhíle, dhá chéad agus fíche a hocht dalta." Chomh maith le sin tá an Choláiste Spéiriní ag fás fosta agus ní thig linn déármad a dhéanamh ar na daltaí atá ag freastail ar scoileanna Bhéarla i ndiaidh saol sa Bhunscoil. Ba chóir dúinn cearta s'acu a chosaint.

Tá rudaí le foghlaim againn ón chuid seo den tír agus ó na sé chontae chomh maith. Táim den bharúil freisin gur chóir dúinn labhairt le chéile fud fad an oileán chun córas oideachais iontach a chur i bhfeidhm agus gur choir go mbeadh breis chomhoibrithe thuaidh/theas ar cheist na gaelscolaíochta/ an oideachais.

Is maith an rud go bhfuil páistí ag freastail ar naíscoileanna, bunscoileanna agus meanscoileanna ach táim den bharúil go bhfuil tuilleadh aiseanna de dhíth. Ní leor go bhfuil páistí ag dul ar scoil go láethiúil agus sin é.

Ní leor go bhfuil páistí ag foghlaim an ghaeilge i scoileanna go mall ina saol. Bhí se molta agam agus curtha I bhfeidhm go bhfuil an Ghaeilge agus An Spainnis ar fail do páistí óga.


Molaim níos mó tionscadáil nuálacha le haghaidh páistí. Fiontracha spóirt, fiontracha iarscoile, clubanna óige i nGaeilge. Molaim níos mó treallamh agus áiseanna, treallamh agus áiseanna cuí dár bpáistí. Leabhair Harry Potter as Gaeilge, Diary of a Chav as Gaeilge chomh maith le Péig ar ndóigh.

Sa lá atá inniu ann tá i bhfad níos mó deiseanna ann le haghaidh páistí i ndiaidh a saol i nGaeloideachas. Tá gnóanna ag úsáid níos mó Gaeilge na laethanta seo ná riamh chun a gcuid seirbhísí don phobal a dhéanamh níos tarraingtí. Tá na meáin chumarsáide Gaelacha ag dul ó neart go neart freisin i ndiaidh roinnt deachtrachtaí ar na mallaibh le níos mó na 10 éagraíocht in Éirinn anois. Tá an todhchaí slán sábhailte.

Ní hé sin le rá go bhfuil gach rud foirfe anois.

Níl sé.

Ach ó thaobh tumoideachais de; tugaim tacaíocht don fheachtas ar son luath-thumoideachais. Táim ag caint faoin Ciorclán a chuir deireadh leis an luath-thumoideachas i ngaelscoileanna trí iachall a chur orthu an Béarla a mhúineadh ón dara théarma sna naíonáin shóisir. Tá argóint mhór casta ann. Tá buntaistí ag tumoideachas ar fud an oileáin agus anonn.

Ag caint go pearsanta d'fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil ach nílim líofa, ar an dhrochuair!! Ach nuair a chaith mé am i Méirica Theas, le Spáinnis timpeall orm an t-am ar fad, d'obair sé dom.

Nuair a bhain mé Niacaragua amach agus mise ach fiche's a haon bhí me ábalta Spainnis a labhairt I ndiaidh trí mhí!

D'obair sé do na hiarchimí a thainig amach ó phriosiún líofa freisin. Bhunaigh siad Jailtachtaí ar léith. Ba inspioráid iad go léir.

Agus tá cuma ar an scéal gur obair sé do Des Bishop fosta! Cosúil le Des chuaigh mise go dtí an tAcadamh i gCeathrú Rua anuraidh agus chuaigh mé ar ais ar scoil freisin!

Dúirt Des;

"The Irish language gang have sort of adopted me, so for the moment I'm immersed in it. But in the future? I don't know. I think rather than be frustrated with it, I would be trying to motivate people to speak it. I think the time is ripe but maybe that's the naivety of the recent convert. Nobody can deny that there's a momentum behind it. It is becoming associated with forward thinking and innovation, even with wealth and elitism, which is just comical given where it's come from."

Chríochnaigh sé le "long live náivity".

Agus tá "náivity" de dhíth. Ghlac sé náivity chun Glór na nGael, Comhairle na Gaelscolaíochta agus Conradh na Gaeilge a fhorbairt agus feach orthu anois!

Creidim go bhfuil pointe go iontach tábhachtach ag an fhear grinn Des.

Agus credim gur thosaigh Dara Ó Cinnéide plé freisin nuair a dhúirt sé;

"Sometimes I'm optimistic and sometimes I'm deeply pessimistic. I think there is certainly a lot of goodwill towards it at the moment and the hostility that was there has mainly evaporated, which is a good thing. But the language is still being pushed underground all the time in a very passive, subtle way, and you are forced to speak nglish to accommodate other people, which is very strange. You can't go into a shop and ask for something in Irish for example -

it's made very difficult for you to speak Irish even though it should be a personal decision.

"Things like Seachtain na Gaeilge are a great effort, but it takes more than that. At the moment it's mainly being done by the schools and there have been huge mistakes in the promotion of the language in the past."

Leis na bhfocail sin inár gcluasa ba choir dúínn an Ghaeilge a shábhailt.

Anois a chairde, Ag bogadh go háit eile sa tír seo, tá dul chun cinn thar barr déanta ó thaobh na Gaelscolaíochta sna sé chontae de ó aontaíodh Comhaontú Aoine an Chéasta, GFA ar dtús le Máirtín MacAonghusa agus anois fá churam s'agam féin.

Tá dul chun cinn déanta ó thaobh na North South Ministerial Bodies agus an All Ireland Council freisin ón am a thosaigh na hinstitiudí , agus bhí crinniú tabhachtact againn in Dun Dealgan agus ceann tábhachtach in Ard Mhacha le baill DUP ina measc.

Tá athbhreithiúnas faoi lán tseoil ar Ghaeloideachas. Ghlac mé an fhoireann chuig Acadamh na Gaillimhe agus chonaic siad an Ghaeilge mar theanga oibre. Chonaic said paistí ag úsáid a gcultúir gan aon bagairt, ag úsáid a teanga go nadurtha.

Tá muid ag obair le cinntiú go mbíonn polasaithe agus gníomhaíochta an rialtais a bhaineann leis an Ghaeilge scrúdaithe ó thaobh cearta de.

Tá siad seo mar cuid den chreatlach dlíthiúl - is dlíthe anois iad.

Seasaim sa chamber/ seomra mór go seachtainiúil agus bíonn baill DUP ag déanamh ionsaí ar an Ghaeilge, mar shampla -

Anois, cé nach Gaeilgeoir iontach mé úsáidim an Ghaeilge go minic. Nar chóir go mbeadh eagla ar duine ar bith roimh an Ghaeilge. Ba choir dúinn é a chosaint!

In ainneoin an chatha a bheas ann amach anseo le baill den chóras pholaitiúil a bhfuil an nimh san fhuil acu don Ghaeilge, leanfaidh Airí Shinn Féin ar aghaidh, taobh istigh dá gcuid ranna rialtais, a thabhairt tosaíochta don Ghaeilge, an tosaíocht atá tuillte aici.

Ba mhaith linn córas oideachais iontach a fheicéail.

Táimid go fóill ag iarrraidh go solátharfar acmhainní breise don rannóg réamhscoile. Táim go fóill ag diriú ar sholáthar riachtanas speisialta don rannóg Gaeilge.

Anois ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi Acht na Gaeilge. Creidim go domhain go bhfaighfidh muid Acht Gaeilge.

Níor chóir go mbeadh iontas ar dhuine ar bith sa seomra seo gur dhiúltaigh an DUP de. Bheadh sé go maith dá nglacfadh aontachtóirí agus airí Sasanacha go bhfuil na cearta céanna ag Gaeilgeoirí is atá ag gach duine eile a labhrann Béarla. Agus cosúil le hAlban agus anseo sna sé Chontae is fiche.

Mar sin, caithfidh muid feach ar an streachtailt chun cearta Gaeilgeoirí a fháil, caithfidh muid cuimhniú gur troid leanúnach é mar proiséas athraithe.


Tá sé de ceart againn Acht Gaeilge a fháil ach ní tharlóidh sé gan feachtasaíocht agus obair chun é a bhaint amach, agus tá spás san fheachtasaíocht sin do gach duine, daoine sa halla seo san aireamh.

Deirim le gach duine anseo - bígí páirteach sna feachtas ar son Acht Gaeilge nó ní féidir linn dearmad a dhéanamh go bhfuil an ceist seo faoi chearta - go bhfuil cearta Gaeilgeoirí chomh tabhachtach le cearta saoránaigh freisin.

Creidim go láidir go bhfuil an pobal Phrotastúnach chun tosaigh ar an ábhar seo. Bhí mé ag leacht an tseachtain seo caite in Eaglais Presbyterian faoin Ghaeilge. Téim chuig scoileanna Protastúnacha go minic agus failtíonn siad mé as Gaeilge. Taim ag iarraidh an bhearna a laghdú.

Ag croílár na díospóireachta seo agus na n-iarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá ceist na gceart.

Tá sé de ceart ag Gaeilgeoirí a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge - ina gcuid gnó agus gnóthaí sóisialta.

Táim ag caint faoi cearta ó thuaidh agus ó dheas.

Tá an bogadh chun cinn suntasach déanta go dtí seo mar gheall ar an obair dian ó gníomhairí, múinteoirí, clanna agus pobail. Ba mhaith liom buíochas croíúil a thabhairt dóibh uilig. Tharla seo in ainneoin cur in aghaidh millteanach ón chóras pholaitiúl.

Tharla seo gan Acht Gaeilge a bheith againn.

Mar sin de, má leanann muid ag obair le chéile, leis an dianseasmhacht agus díogras céanna a thug anseo muid, ansin níl amhras ar bith orm go mbeidh rath orainn.

Mar a dhúirt ceann dár laochra,

"Is é gáire ár gcuid páistí a bheas mar dhíoltas againn."

Agus tá guth ár gcuid páistí ag árdú. I nuachtlitir le déanaí curtha

amach ag Iontabhas na Gaelscolaíochta chum siad an tearma "ó chógar go guth."

Agus tá an guth sin níos láidhre de thairbhe an dea obair atá déanta ag Conradh na Gaeilge, Iontaobhas na Gaelscolaíchta, Pobal, Foras na Gaeilge, Altram, Glór na nGael agus go hairithe na tuismitheoirí, sheas said isteach sa bhearna baoil ar ais agus ar ais.

Agus le sin i gcuimhne ba mhaith liom an leacht seo a chroichnú ó chógar go guth freisin.

Go raibh maith agaibh.

Connect with Sinn Féin