Cruinniú úsáideach dearfach idir Sinn Féin agus Brian Cowen
I ndiaidh Cruinniú úsáideach dearfach idir Gerry Adams, Martin Mc Guinness agus Brian Cowen inné, dúirt an t-Uasal Adams;
"Phlé an cruinniú réimse saincheisteanna, lena n-áirítear Aistriú Cumhachtaí Póilíneachta agus Córa, Acht na Gaeilge, na structúir uile-Éireann agus an poitéinseal a thairgeann an tionscnamh seirbhísí airgeadais a fógraíodh inniu.
"Bhí cruinniú úsáideach dearfach againn. Thug mise agus Máirtín Mac Aonghusa mionteagasc don Uasal Ó Ceocháin ar na deacrachtaí a bhí ann mar gheall ar chur chuige diúltach an DUP ar cheisteanna tábhachtacha ar nós an aistrithe cumhachtaí póilíneachta agus córa, agus Acht na Gaeilge.
"D'inis muid don Uasal Ó Ceocháin gur chóir do rialtas na hÉireann cur ina luí ar rialtas na Breataine gur chóir dó cloí lena thiomantas amscála chomhaontú Chill Rímhinn ar aistriú cumhachtaí póilíneachta agus córa a chur i bhfeidhm."
Chuir Sinn Féin a comhbhrón in iúl ar bhás Paddy Hillery fosta.