Sinn Féin - On Your Side

Crinniú idir toscaireacht Shinn Féin agus Éamon Ó Cúiv maidir le cearta teanga

30 April, 2008


Beidh Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams agus Aengus Ó Snódaigh TD ag buaileadh le hAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cúiv amarach i mBaile Átha Cliath chun plé a dhéanamh ar cúrsaí Gaeilge (Deardaoin, 2in - Teach Laighean).

Beidh cearta do chainteoirí Gaeilge ó thuaidh agus ó theas pléite ag an tUasal Adams leis an Aire Ó Cuív le linn an chruinnithe, chomh maith le hAcht na Gaeilge, maoiniú don theanga, fógraíocht as Gaeilge, tacaíocht do Raidió Fáilte agus an Chiste Craoltóireacht.

Ag caint inniu, dúirt An t-Uas Adams:

"Beidh muid ag crinniú le hÉamon Ó Cúiv ar raon rúdaí éagsúla a bhaineann le cainteoirí Gaeilge; Acht na Gaeilge, maoiniú don theanga, fograíocht as Gaeilge, tacaíocht do Raidió Fáilte, an Chiste Craoltóireacht agus Gaeloideachais.

"Mar shampla, d'ardaigh muid fógraíocht as Gaeilge agus cothrom na féinne don Ghaeilge maidir le fógraíocht sna ranna rialtais san Oireachas .

"Tá sé tábhachtach fosta go léiríonn an t-Aire, agus é ag caint le hEdwin Poots-an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta do na sé chontae, an gá le haghaidh Acht na Gaeilge, reachtaíocht a chlúdaíonn cearta daonna, cearta lucht labhartha na Gaeilge." Críoch

Connect with Sinn Féin