Sinn Féin - On Your Side

Is féidir le hÉirinn margadh i bhfad níos fearr a fháil san Eorap ar son an phobail-Mc Donald

8 June, 2008


Dúirt Mary Lou Mc Donald FPE inniu ag caint ag Preas Agallamh i mBÁC in éadan an Conradh Liospóin-

"Creideann Sinn Féin gur féidir le muintir na hÉireann margadh níos fearr a ghnothú má vótálann said 'Níl' ar an Déardaoin seo chugainn, an 12 Meitheamh.

"Tugann sé seo sainordú láidir do rialtas na hÉireann comhráití nua a lorgú lenár bpáirtnéirí Eorpacha.

"Le cúpla seachtainí anuas tá an rialtas nochtaithe ar ábhair éagsúla inar raibh siad mícheart.

· Tá said mícheart ar an ábhar cánach.

· Tá said mícheart ar a veto trádála.

· Tá said mícheart agus míchruinn ar neodracht na tíre seo

· Tá said mícheart ar chailliúnt na Coimisinéara.

· Agus tá said mícheart ar laigiú ár láidreacht vótála ar an gComhairle.

"Tá Sinn Féin ar na dóirse ag stocaireacht timpeall na tíre.

Tá muid ag teacht i ngiorracht dheireadh an fheachtais.

"Beidh Sinn Féin ag tabhairt an teachtaireacht chuig na dóirse timpeall na tire thar an deireadh seachtaine.

"Beidh ár focais ar eochar-phointe amháin -

Sé sin gur féidir le hÉirinn margadh i bhfad níos fearr a fháil san Eorap ar son an phobail.

"Caithfidh an rialtas:

· Coimisinéir Éireannach a dhaingniú

· Vetoes straitéiseach a ghnothú ar sheirbhísí poiblí, cúrsaí canach agus trád idirnáisiúnta

· Stop a chur le gearradh pá agus coinníolla oibre

· Stop a chur le h-airgead cánach Éireannach a chaitheamh le ciste don tionscnamh eithneach

· Ár gcead údarásach mar shaoránnaigh Éireannacha a chaomhnú ar aon athraithe suntasacha ar aon Chonraidh Eorpacha."

Críoch

Connect with Sinn Féin