Sinn Féin - On Your Side

Vótáil Níl ar Meitheamh 12 agus tabhair sainordú láidir don rialtas conradh níos fearr a bhaint amach.

10 June, 2008


Ag caint ag preas agallamh dheireannach Shinn Féin ar Chonradh Liospóin maidin d'iarr Gerry Adams orthu siúd atá buartha faoi Chonradh Liospóin vótáil Níl ar an Déardaoin agus sainordú láidir a thabhairt don rialtas le conradh níos fearr a fháil do mhuintir na hÉireann.

Dúirt an tUasal Adams:
"Le 48 n-uair an chloig le dul go dtí go n-osclaítear na staisiúin vótála iarraim ar dhaone atá buartha faoi Chonradh Liospóin vótáil Níl ar an Déardaoin. Tabhairfaidh vóta Níl sainordú láidir don rialtas conradh níos fearr a fháil dÉirinn.

"I gcaitheamh an fheachtais theip ar an rialtas argóintí éifeachtacha a thabhairt ar na fáthanna ar cóir do dhaoine tacú le Conradh Liospóin.
• Ní raibh siad ábalta fáthanna a thabhairt faoin chailliúint Coimisinéara nó ár gcumhacht vótála a laghdú ar Chomhairle na nAirí
• Ní raibheadar ábalta cailliúnt an veto a mhíniú,
• Ni raibheadar ábalta fáthanna a thabhairt ár gcóras oideachas is slainte a h-oscailt do chomórtas
• nó fiú gurb maith an bonn a bhaint ar pháigh na n-oibritheoirí agus ar a gcoinníollacha

"Agus le cúpla laethannta anuas tá siad ag liignt orthu nach bhfuil aon Phlean B.

"Má vótálann pobal na hÉireann Níl ar an Déardaoin ní féidir le Conradh Liospóin dul ar aghaidh. Agus ins na comhráití a leanas tá dualgas ar rialtas na hÉireann Coimisinéar Éireannach seasamhach a h-aimsiú. Stop a chur le bonn a bhaint ar pháigh agus coinníollacha oibritheoirí, ár neodracht a shlánú, na veto a dhaingniú, an rud a dtugtar 'opt out' ó chaitheamh airgid ar ábhair míliteach agus ceartanna saoránnaithe Éireannach a shlánú chun go mbeadh an cinneadh dheireannach acu ar h-aon athraithe substaintiúla d-aon Chonraidh eile san Aontas Eorpach.

"Is féidir margadh níos fearr a dháil. Tabhairfaidh vóta Níl ar an Déardaoin sainordú láidir do rialtas na hÉireann margadh níos fearr a fháil d'Éireann, an t-Aontas Eorpach agus don domhan atá ag forbairt.

Connect with Sinn Féin