Sinn Féin - On Your Side

Cuireann Sinn Féin fáilte roimh an Bille Craolacháin úr

27 November, 2003


Chuir  Aengus O'Snodaigh TD fáilte sa Dáil roimh an Bille Craolacháin (Ciste) 2003 tráthnóna inné ag rá:

"Tá an Bille seo go maith mar tá saibhreas mór sa tír seo fána dtig clár a dhéanamh agus ar cheart dúinn a chraoladh, idir ábhar náisiúnta agus áitiúil, stair seanchais na hÉireann nó traidisiúin áitiúla.  Léirigh na cuimhneacháin a bhí againn faoin nGorta, faoi 1798, faoi Robert Emmet i mbliana nó nuair a bhí adhlacadh den deichniúir Mountjoy ann, go bhfuil cíocras ag muintir na hÉireann dá stair, dá gcultúr agus dá dtimpeallacht.

"Tuigim go bhfuil sé i gceist deontais a chur ar fáil le cláir a dhéanamh ar ár stair, an oidhreacht, na healaíona agus, go speisialta, cláir ar ár gcultúr. Cuirim fáilte roimh an fócas sin.

Glacfaidh mé an dheis atá agam aitheantas a thabhairt dóibh siúd in RTÉ a rinne sár-obair thar na blianta ag déanamh clár nó ag coimisniú a leithéid.  Sin in ainneoin an mheoin frith-Ghaelach agus frith-Éireannach uaireanta a bhí i réim in RTÉ sna 1970í agus 1980í.  Ní gá dúinn ach smaoineamh ar na cláir maithe a rinneadh - "Amuigh Faoin Aer",  "Reeling in the Years", agus an seachtain seo

"Hidden History" le feiceáil go bhfuil cláir den cheád scoth ann.

"Aontaím leis an tAire (Dermot Ahern) go bhfuil sé tábhachtach ár gcultúr a chaomhnú ach tá sé níos tábhachtaí fós é a chothú mar tá cultúr beo againn atá ag athrú de shíor agus is gá dúinn sin a chur trasna sna cláir a dhéanfar. Fáiltím roimh an bhéim sa mBille ar chraolacháin aitiúil agus chomhphobal. Beidh na saibhris seo in ann beocht, samhlaíocht agus cur le chéile pobail áitiúla na hÉireann a léiriú ar an teilifís agus beidh an t-aitheantas cuí á fháil ag an dream seo.

"Tá aitheantas chomh maith sa mBille ar an gá le cláir a choigilt agus a stóráil go mbeidh fáill ag na gliúnta amach anseo iad a fheiceáil.  Tá margadh do chláir mar seo, ní gá ach féachaint ar TG4 ag taispeáint seanchlár spóirt.  Tig linn úsáid a bhaint as na cláir nuachta a rinne Gael Linn sna 1940s nó cláir eile a rinne RTÉ má tá siad coigilte i gceart, cláir ar nós "Hall's Pictorial Weekly",

"Féach" nó "Seven Days" agus a lán eile atá caillte le déanaí. Ní gá bheith ag féachaint ar "Strumpet City"  le taispeáint gur féidir na seanchláracha a thabhairt ar ais, go bhfuil siad fós bríomhar agus go bhfuil daoine sásta féachaint orthu.  Ní gá suim mhór airgid a chaitheamh á n-athdhéanamh.

"Ach tá buairt orm faoi alt amháin mar tá an tAire ag cur a ladair isteach i ngnó ar chóir a bheith fágtha faoin Choimisiún Craolacháin, mar ba chóir go mbeadh próiseas neamhspleách ann agus go dtiocfadh an Coimisiún ar ais chuig an Aire seachas é a bheith ag cur a ladair isteach ag an tráth sin. Tá mé ag impí ar an Aire agus an Rialtas cur leis an airgead sa chiste seo chomh luath agus is féidir, mar tá sé tábhachtach, agus beidh gá le níos mó airgid sa sórt domhain ina bhfuil muid faoi láthair."  DEIREADH

Connect with Sinn Féin