Sinn Féin - On Your Side

"Tá sé thar am don DUP éirí as an bpáistiúlacht" - Brolly MLA

25 June, 2008


Ag caint i ndiaidh rún eile i gcoinne Gaeloideachas agus aitheantas do Gaelscoil na Daróige os comhar an tionól inné dúirt urlabhraí Gaeilge an pháirtí, Francie Brolly:

"Ní rún dáiríre atá sa rún atá molta ag an DUP.

"Tá seirbhís riachtanach á soláthar ag Gaelscoil na Daróige do pháistí agus do thuismitheoirí atá ag iarraidh oideachas trí mheán na Gaeilge.

"Tá sé ráite ag Comhairle na Gaelscolaíochta go bhfuil go leor éilimh i nDoire le haghaidh trí Ghaelscoil i nDoire agus tá oideachas trí mheán na Gaeilge á sholáthar ag Gaelscoil na Daróige i gceantar ina bhfuil éileamh ann,

"Is í an Ghaelscolaíocht an earnáil leis an ráta fáis is airde sa chóras oideachais le os cionn 4,000 páiste agus os cionn 60 scoil.

"Is mar chuid d'ionsaí leanúnach ar an nGaeilge agus iarracht na boinn a bhaint ón Aire Oideachais atá an rún.

"Cén saghas teachtaireachta a chuireann sé chuig páistí Ghaelscoil na Daróige.

"Tá sé thar am don DUP éirí as an bpáistiúlacht." Críoch

Connect with Sinn Féin