Sinn Féin - On Your Side

Níl an streachailt ar son an Achta críochnaithe go fóill – Sinn Féin

16 July, 2008 - by Cathal Ó hOisín


Ag caint dó inniu i dtaca le ráiteas Dominic Uí Bhrolcháin ón PDSLO (SDLP) maidir le seasamh Shinn Féin agus ceist Acht na Gaeilge, dúirt Francie Brolly nach raibh an streachailt ar son an Achta críochnaithe go fóill.

Dúirt sé

"Chuir Sinn Féin Acht na Gaeilge ag croí-lár na gcomhchainteanna i gCill Rímhín agus tá sé soiléir don saol mór cé atá ag brú ceist Acht na Gaeilge go fóill. Tá sé íorónta anois go bhfuil Dominic ag lua seo nauir nár luaigh páirtí s'aige dada faoin Acht nuair a bhí siad i mbun comhcainteanna leis na pháirtithe uilig chomh maith.

Deir Dominic gur 'teip' atá insa meid a chinntigh Sinn Fein sna comhchainteanna ag Cill Rimhinn, agus insa raiteas céanna admhaíonn sé gur cheangail an próiseas sin Rialtas na Breataine isteach ar ghealltanas chun Acht a chur i bhfeidhm gan tagairt a dhéanamh do thoill na n-aontachtóirí. Cé a d'éirigh leo a leithéid de ghealltanas a fháil ó Rialtas na Breataine dar le Dominic? An SDLP? Mar dhea.

Creidim gur cóir do Dominic agus do pháirtí s'aige cuidiú le cúis an Achta agus seasamh linn uilig leis an brú a choinneáil ar Rialtais na Breataine - agus an tAire Campbell - le dualgaisí s'acu a choinneáil agus Acht na Gaeilge a chuir i bhfeidhm gan mhoill. Níl sa méid atá ráite ag Dominic ach é ag iarriadh pointí poláitiúla amaideacha a scóráil."

CRÍOCH

Connect with Sinn Féin