Sinn Féin - On Your Side

Buaileann Shinn Féin le Aire Chultúir na Sé Chontae máidir le Acht na Gaeilge

20 October, 2008


Bhual toscaireacht de cuid Shinn Féin, ina raibh Uachtaráin an Pháirtí, Gearóid Mac Adhaimh, Francie Brolly, Niall Ó Donnghaile agus Rosaleen McCorley ina measc, leis an Aire Chultúir Gregory Campbell inniu le phlé a dhéanamh ar pleanáil agus forbairt an Ghaeilge, chomh maith le cuir i bhfeidhm Acht Gaeilge fiúntach bunaithe air cearta.

Ag labhairt i ndiadh an cruinniú dúirt an tUasail Mac Adhaimh,

"Dúirt muid leis an tAire Cultúir go bhfuil freagracht aige a bheith mar Aire d'achan duine sna Sé Chontae, Gaelgóirí ina measc.

"An rud is fearr do a dhéanamh mar sin de na téigh i gcomhairle le Gaelgóirí chun Acht na Gaeilge fiúntach a chuir i bhfeidhm, a chosnaíonn cearta s'acu.

"Dúirt muid leis an tUasail Campbell gur gheall an iar-Aire Poots Stráitís Teanga ach níl seo ann go fóill.

"Dúirt Gregory Campbell go bhfuil sé chun stráitís a chuir i láthiar roimh deireadh na mbliana ach de réir an cruinniú inniu níor chuala muid a léaithead le léiriú go bhfuil sé dáiríre faoi seo.

"Beidh Sinn Féin ag leanstaint ar aghaidh le aidhm s'againne a bhaint amach, is é sin Acht na Gaeilge agus straitís éifeachtach don Ghaeilge sna Sé Chontae.

"De réir cosúileachta, 'sé mo bharúil go bhfuil fhios ag an tAire Campbell gur ceist ama atá i gceist i dtaca le hAcht na Gaeilge."

CRÍOCH

Connect with Sinn Féin