Sinn Féin - On Your Side

Tá sé de cheart ag Gaeilgeoirí fáil a bheith acu ar na cúirteanna –Adams

28 October, 2008 - by Pat Sheehan


Agus é ag trácht ar thuairiscí meáin an lae inniu go bhfuil siad chun athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar shean-phéindlí a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna anseo, d'iarr Uachtarán Sinn Féin, Gearóid MacAdhaimh, arís chun Acht Gaeilge cuimsitheach, ceart-bhunaithe a thabhairt isteach le cearta agus teidlíochtaí na gcainteoirí sna Sé Chontae a chinntiú.

Ag caint dó inniu, dúirt An t-Uasal MacAdhaimh,

"Níl sé inghlactha go bhfuil sean-toirmeasc leatromach a chuireann cosc ar labhairt na Gaeilge sna cúirteanna, go bhfuil sé in úsáid in Éirinn ilteangach, ilchultúrtha an lae inniu. Bac ar bith roimh Ghaeilgeoir atá ag iarraidh, trí mheán na Gaeilge, ceadúnas dlí a fháil, tagann sin salach ar reachtaíocht chomhionannais insa Tuaisceart chomh maith leis an Cháirt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

"Ba chóir fáil réidh leis an dlí stairiúil seo agus léiríonn an cás seo go han-soiléir an gá práinneach praiticiúil atá ann don Aire Cultúir chun Acht Gaeilge cuimsitheach, ceart-bhunaithe a thabhairt chun tosaigh"

CRÍOCH

Connect with Sinn Féin