Sinn Féin - On Your Side

Tá Sinn Féin ag iarraidh Acht na Gaeilge go fóil

19 November, 2008


Ag caint i ndiaidh comhaontú idir Sinn Féin agus an DUP dúirt an tAire Gerry Kelly inniu go bhfuil Sinn Féin go fóill go hiomlán dírithe ar 'Acht Gaeilge fiúntach a bhaint amach."

Dúirt an tUasal Ó Cheallaigh,

"Tá an comhaontú seo idir na páirtithe iontach tabhachtach agus is maith an rud é go mbeidh cumhachtaí dlí agus ord lonnaithe anseo sna Sé Chontae.

"I dtaca le Acht na Gaeilge ba mhaith liom seo a shoiléiriú, tá Sinn Féin go hiomlán dírithe ar Acht a bhaint amach; ba é Sinn Féin an páirtí a chuir an Ghaeilge agus cearta Gaeilgeoirí ag croílár na gcomhcainteanna nuair a thosaigh said sna 1990í.

"Tá Acht Gaeilge do na Sé Chontae mar chuid de Comhaontú Cill Rímhín agus tá muidne i Sinn Féin chun leanstan leis an obair chun Acht Gaeilge a bhaint amach. Is teanga beo, bríomhar í an Ghaeilge agus tá pobal na Gaeilge eagraithe ar bhonn aontaithe agus glórmhar le leanstain leis an fheachtas chun Acht a bhaint amach.

"Tá a lán obair romhainn ach ta mise sásta go bhfuil Sinn Féin agus lucht na Gaeilge réidh don obair sin, mar a bhí muid i gcónaí." CRÍOCH

Connect with Sinn Féin