Sinn Féin - On Your Side

Nior theaspáin an Choimisúin nó na ballstáit eile den AE go bhfuil siad in aghaidh stádas oifigiúil a bhronnadh ar an nGaeilge, deireann de Brún.

8 January, 2004


Tá Bairbre de Brún, iar-Aire Slainte sna sé chondae, ag tacú leis an bhfeachtas ar mhaithe le stádas oifigiúil oibre a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Beidh sí ag léiriú tacaíocht s'aici don fheachtas ag an Fhóram um an Eoraip i gCaisleán Bhaile Átha Cliath amárach (Déardaoin).

Deir Iníon de Brún:

"Ba chóir go mbeidh Rialtas na hÉireann sásta rún a chur os comhair Comhairle na nAirí agus an Taoiseach mar Chathaoirleach uirthi i mbliana. Níl pobal na dtíortha eile san Aontas Eorpaigh, ná a cguid Rialtas, in éadan aitheantais cuí a bhronnadh ar an nGaeilge.

"Tá sé de rún agam ceist a chur ag an Fhóram um an Eoraip i gCaisleán Bhaile Átha Cliath amárach ar theaspáin an Choimisúin nó na ballstáit eile den AE go bhfuil siad in aghaidh stádas oifigiúil a bhronnadh ar an nGaeilge?

Faoi láthair is féidir comhfhreagras a fháil ó institiúidí i nGaeilge ach ní aistrítear reachtaíocht seachas conarthaí ná doiciméid oifigiúla go Gaeilge. Chomh maith le sin bíonn postanna in institiúidí an AE oscailte do shaoránaigh an Aontais a bhfuil dhá cheann (nó níos mó) de theangacha oifigiúla an AE acu. Fágtar an tÉireannach faoi mhíbhuntáiste mar ní thugtar Gaeilge san áireamh.

Glacann Noel Mulcahy, duine de na hoifigigh a bhí ag plé le hiontrál an stáit isteach san Chomhargadh 30 bliain ó shin, leis go raibh meancóg déanta ag an Rialtas maidir le ceist na Gaeilge ag an am sin nár lorg siad aitheantas nó stádas mar theanga oifigiúil oibre an Chomhargadh don teanga.Bainann an cheist seo le héagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch agus le tionchar stádas idirnáisiúnta teanga ar lucht a labhartha agus a foghlamtha.

Tá lucht labhartha na Gaeilge a bhfuil cónaí orthu sna sé Chontae thíos leis an easpa stádas atá ag an nGaeilge faoi láthair chomh maith leis lucht na Gaeilge sna 26 Chontae."

Ag cruinniú an Fhóraim Náisiúnta um an Eoraip ar 23 Deireadh Fómhair 2003, d'fhiafraigh Bairbre de Brún den Taoiseach cad iad na céimeanna a bhí sé chun glacadh chun déanamh cinnte de go mbeidh an Ghaeilge mar teanga oibre in institiúidí an Aontais Eorpaigh. I dtaca leis an doiciméad ag leagan amach príoireachtaí do Uachtarántacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach, chuir sí ceist ar an Taoiseach chomh maith cad iad na céimeanna a bhí i gceist aige a ghlacadh chun, mar a deir an clár:

"Saibhreas an éagsúlacht chultúrtha san Eorpa a chaomhnú i ngach cruth."

Deir Iníon de Brún inniu;

"I ndiaidh mhéadú na Bealtaine, beidh 20 teanga oifigiúil ag an Aontas Eorpach. Is deis mhaith é seo do Rialtas na hÉireann ceist stádas na Gaeilge a ardú arís agus an stádas cuí a bhaint amach di. Níl pobal na dtíortha eile san Aontas, ná a cguid Rialtas, in éadan an aitheantais sin a bhronnadh ar an nGaeilge. Níl de dhíth chun aitheantais iomlán a fháil don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh ach toil pholaitiliúil ó thaobh rialtais s'againn féin de. Beidh an Aontas Eorpach sásta stádas teanga oifigiúil a thabhairt ach Rialtas na hÉireann í a lorg." DEIREADH

Connect with Sinn Féin