Sinn Féin - On Your Side

"Caithfidh muid beartas éifeachtach a fháil ón Aire Chultúir" – Mac Giolla Duibh

3 December, 2008



Dúirt an BTR Barra Mac Giolla Duibh inniu go 'beartas éifeachtach' de dhíth ó Gregory Campbell i dtaca leis an Ghaeilge agus an Straitéis Teanga do na Sé Chontae.


Bhí an tUasal Mac Giolla Duibh ag labhairt sula gcuireann an tAire plécháipéis os comhair an choiste CEF amárach.

Dúirt Barra inniu,

"Is fíor go bhfuil Acht fiúntach de dhíth sna Sé Chontae, ach anois in áit na stráitéise a gheall Edwin Poots tá Gregory Campbell ag tabhairt plécháipéis os comhair an choiste. Níl sé seo maith go leor agus beidh mé féin mar chathaoirleach ar an choiste ag fiosrú go dian cén fáth nach bhfuil beartas fiúntach ag teacht ón Roinn chun an stráitéis seo a chur i bhfeidhm gan mhoill.

"Tá sé mar dhualgais ar an rialtas an Ghaeilge a fhorbairt agus a chaomhnú. Caithfidh Gregory Campbell aithint gur áis ar léith í an Ghaeilge agus tá straitéis de dhíth chun deileáil leis an phobal Gaelach, atá ag dul i méadaíocht anseo i gcónaí.

"Níl aon dabht agam go mbeidh baill Shinn Féin ag fiosrú go láidir cén straitéis atá ag an Aire chun Acht Gaeilge a cuir i bhfeidhm anseo, sin an téileamh atá againn mar pháirtí agus éileamh phobal na Gaeilge anseo sna Sé Chontae." CRÍOCH

Connect with Sinn Féin