Sinn Féin - On Your Side

Ráiteas ó Gerry Adams ar fhoilsiú eagrán deireanach de Lá Nua

19 December, 2008


Tá Gerry Adams i ndiaidh a rá gur cúis aiféala dó foilsiú Lá Nua ag teacht chun deireadh, ach deir sé go bhfuil sé dóchasach go mbeidh seirbhís laethúil nuachta Gaeilge ann amach anseo.

Dúirt an t-Uasal Mac Adhaimh,

"Chuir Lá Nua, agus 'Lá' is 'Preas an Phobail' a tháinig roimhe, chuir siad go mór leis an dul chun cinn suntasach atá déanta ag gluaiseacht na Gaeilge le blianta anuas anseo in Iarthar Bhéal Feirste agus, ar ndóighe, ar fud na tíre. 



"Rinne siad a dtionscnamh beag a fhorbairt le bheith ina sheirbhís nuachta fhíor-thábhachtach mar atá sa lá atá inniu ann 



"Ceannaím agus léim Lá Nua achan lá agus thig liom a rá nach mbeidh mo lá féin chomh suimiúil ná chomh sultmhar gan ionchur an pháipéir ar an phobal seo a fheiceáil. 



"Ón am ar fógraíodh druidim Lá Nua tá Sinn Féin ag stocaireacht gan stad agus muid ag iarraidh seirbhís laethúil nuachta Gaeilge i gcló agus ar líne. Leanfaidh Sinn Féin ar aghaidh ag déanfaidh ár ndíchill chun seo a bhaint amach chomh luath agus is féidir. 



"Ba mhaith liom achan duine atá bainte le Lá Nua a mholadh, go háirithe na hiriseoirí agus an fhoireann eile. 

"Go raibh míle maith agaibh uilig agus go n-éirí an t-ádh libh go léir."

Connect with Sinn Féin