Sinn Féin - On Your Side

Céim siar é áth-intród táillí 3ú léibhéal

4 February, 2009 - by Pearse Doherty TD


Ag labhairt dó inniu ag ágóid i neadán táillí ollscoile dúirt urlábharaí oideachais Shinn Féin Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh gur chéim siar a bheas ann na táillí a thabhairt isteach athuair.

Dúirt an Seanadóir ó Dún na nGall,

"Ba lá dorcha don chóras oideachais na hÉireann é Buiséad 2009. chuaigh méid na ranganna Bhunscoile i méid, chomh maith le costais iompar scoile, laghdú tácaíocht óige do pháistí as ceantracha faoi míbhuntáiste, gearradh deontais do oideachais fa choinne daoine fasta, chomh maith le teicneolaíocht faisneise, ar a bharr seo gearradh tacaíocht fa choinne na coláiste samhraidh. Tharla seo uilig le linn timpeallacht deacair eacnamaíochta.

"Deireann an tAire O'Keefe gurbh é oideachais an rud is tabhachtaí do todhchaí na hÉireann ag is léir go bhaineann an búisead an bhonn den chóras céanna!

"Má thugtar isteach táillí arís beidh tionachar uafasach aige ar an chorás anseo. Tá sé doiligh a chréidbheal go bhfuil an Comhaontas Glas ag seasamh an fhod le Fianna Fáil i dtaca le seo.

"Bhí deireadh le táillí ina scéal fíormhaith tá chlainne na raibh in ann deontais a fháil. Thug sé seal do dhaoine ó gach cúlrá soisialta agus éacnamaíochta bheith páirteach in oideachais 3ú léibhéal.

"Anois tá an Comhaontas glas agus Fianna Fáil a rá linn ní amháin go mbeidh ar mac léinn táillí clárú a íoc ach táille eile idir 4,000 agus 8,000 euró ar a bharr.

"Tá Sinn Féin go hiomlán in éadán táillí a thabhairt ar ais athuair.

"Ba mhaith liom comhgairdeas a seoladh chuig Aontais na Mic Léinn in Eirinn agus iad ag troid in éadán plean inglactha an rialtais." CRÍOCH

Connect with Sinn Féin