Sinn Féin - On Your Side

Stádas oifigiúil á lorg don Ghaeilge san Aontas Eorpach ag Sinn Féin

29 January, 2004


Tá comhairleoirí de chuid Shinn Fein, Breandán Lewis agus Brendan Curran tar éis rún a chur chuig Comhairle an Iúir agus Mhúrn ag iarraidh ar an Taoiseach tacú le stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Deir an rún: "Go ndéanfaidh an Taoiseach leasú ar riail 1/1958 a mholadh i rith téarma s'aige mar Uachtarán ar an Aontas Eorpach, le go mbeidh an Ghaeilge san áireamh mar theanga oifigiúil oibre san Aontas."

Dúirt an Comhairleoir Lewis, agus é ag cur an rúin chun tosaigh i gcomhar le Brendan Curran ar 19 Eanáir, dúirt sé go dtiocfadh leis an Taoiseach Bertie Ahern úsáid a bhaint as Uachtaránacht na hÉireann san Aontas Eorpach le cinnte a dhéanamh go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil oibre. Ag caint leis, dúirt an Comhairleoir Lewis:

"Is cúis náire é teip Rialtas na hÉireann aitheantas oifigiúil oibre a bhaint amach don Ghaeilge nuair a ghabh Éire leis an EEC. Is amhlaidh go raibh dearcadh gach rialtas na hÉireann ó shin amach ina chúis náire agus neamart a dhéanamh acu ar an teanga i rith an ama. Tá deis ag an Rialtas láithreach an scéal seo a athrú i rith téarma s'acu le hUachtaracht na hÉireann ar an Aontas Eorpach. I mbliana, le breis stát ag teacht isteach san Aontas, rachaidh líon na dteangacha oibre i méid, ó 11 go dtí 20 ceann.

"Tá sé go hiomlán doghlactha go bhfánfadh Éire mar an t-aon stát nach bhfuil teanga s'acu aitheanta mar theanga oibre. Tá an tAontas Eorpach brodúil as an íomha cuimsitheach atá aige agus an t-aitheantas a thugtar ar an éagsúlacht sna ballstáit.

"Muise, sa chlár dá théarma Uachtaránachta, deir rialtas na hÉireann go bhfuil caomhnú na héagsúlachta cultúrtha san Eorap ina phríoracht acu. Bheadh sé ina ábhar buairimh ó thaobh dáiríreacht Rialtas na hÉireann de agus muinín s'acu ina ina muintir féin, muna bhfuil siad toilteanach saibhreas cultúrtha na hÉireann a chaomhnú. Cé gur chóir go mbeadh an Ghaeilge ina theanga oibre on tús, léiríonn an 30 bliain seo caite go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná ariamh go gcuirfí an Ghaeilge san áireamh san Eorap.

"Chonaiceamar fás substaintiúil sna meáin chumarsáide trí mheán na Gaeilge, san oideachas trí mheán na Gaeilge, le bunú gnónna Gaeilge agus ardú speis sa teanga go ginearálta. Feidhmíonn an Ghaeilge ar an idirlíon chomh maith le teanga ar bith eile. Aithníonn grúpaí teanga agus Gaeilgeoirí go bhfuil i bhfad níos mó de dhíth, ach níl aon amhras faoin ghá agus faoin éileamh leis an Ghaeilge a fhorbairt taobh le cultúr na hÉireann go ginearálta.

"Bheadh tionchar mór ag aitheantas idirnáisiúnta den chineál seo ar lucht na Gaeilge. Sholátharfadh sé deiseanna fostaíochta. Bíonn Comhairle an Iúir agus Mhúrn chun tosaigh ó thaobh forbairt na Gaeilge ag leibhéal rialtais áitiúla de. Aithníodh é seo go minic ag ionadaithe Rialtas na hÉireann, ball na Chomh-áireachta láithrí san áireamh. Mar sin, tá tionchar ag an Chomhairle seo agus cuirfidh sé go mór le feachtas Stádas, an scáth-ghrúpa d'eagraíochtaí difriúla agus daoine aonaracha ó achan carn den tír, a bhfuil tacaíocht aige ó sciar mhaith de na páirtithe polaitiúla ar an ghné seo.

"Cuirfeadh freagra dearfach in iúl do Ghaeilgeoirí go bhfuil cinneadh dáiríre glactha leis na ceisteanna a bhainean leis an Ghaegile i gComhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh. Is féidir stádas ceart a bhaint amach don Ghaeilge. Níl pobail na dtíortha eile ná a gcuid Rialtas in éadan an aitheantais sin a bhronnadh ar an Ghaeilge. Is é an cheist ná an bhfuil an toil nó an claonadh ag Rialtas na hÉireann aon rud a dhéanamh faoi?

Ag tacú leis an rún, duirt Brendan Curran:

" Is é atá sa rún seo ná léiriú ar mhianta s'againne go mbronnfar aitheantas idirnáisiúnta ar an Ghaeilge. Bheadh tacú leis an rún ina chéim dhearfach phraicticiúil.

"Le teacht mí na Bealtaine beidh 20 teanga aitheanta go hoifigiúil san Aontas Eorpach. Is deis iontach é seo, agus Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa ag Bertie Ahern, leis an t-ainteantas oifigiúil sin a baint amach. Táimid cinnte nach gcuirfidh tír ar bith eile i gcoinne seo. Admhaíodh cheana gur chóir seo a bheith againn 30 bliain ó shin nuair a ghabh Éire leis an Aontas Eorpach ar dtús.

"Creidimid go bhfuil an tacaíocht agus an dea-thoil ann láistigh de struchtúir an Aontais Eorpaigh, dá n-iarrfadh rialtas na hÉireann é. "Tá mé ag iarraidh ar na comhairleoirí ar fad tacú leis an rún le taispeáint go bhfuil muid aontaithe ag cur an polasaíi dátheangach de chuid Chomhairle an Iúir agus Mhúrn chun tosaigh."

Ritheadh an run thuas luaite le tacaíocht an SDLP. Chuir Comhairleoirí Aontachtúla ina éadan.

Connect with Sinn Féin