Sinn Féin - On Your Side

Cúis imní na figúirí is déanaí ó ChildLine – Sinn Féin

9 February, 2009


Dúirt BTR Iarthair Bhéal Feirste Shinn Féin agus urlábharaí an pháirtí ar páistí agus daoine óga Sue Ramsey gur cúis imní iad na figúirí is déanaí ó ChildLine a léiríonn go raibh 952 páistí i dteagmhal leo thar tréimhse trí bhliana.

Dúirt Iníon Ramsey

"Dár ndóigh is cúis imní na stáitistící seo agus léiríonn sé go bhfuil níos mó agus níos mó páistí ag dul i dteagmhal le ChildLine. Is cinnte nach bhfuil duine ar bith ag iarraidh do phaistí bheith ag fulaing mí-úsáid, ach má tá sé ag tarlú tá sé i bhfad níos fearr má théann siad i dteagmhal le léithidí ChildLine.

"Tá thuilleadh tacaíocht de dhíth ar ChildLine agus Líntí Cabhracha ón Tionól agus ón Fheidhmeannas chomh maith, sa dóigh is gur féidir leo lean ar aghaidh leis an sár-oibre atá ar bun acu cheanna le cabhair a thabhairt do páistí óga ar fud na Sé Chontae." CRÍOCH

Connect with Sinn Féin