Sinn Féin - On Your Side

Chuidíonn Daithí McKay le vóta mímhuiníne san Aire Sammy Wilson

12 February, 2009


Chuidigh BTR Shinn Féin agus urlábhraí an pháirtí ar chúrsaí timpeallachta, Daithí McKay le vóta mímhuiníne san Aire Sammy Wilson agus é i gCoiste Timpeallachta an Tionól inniu.

Ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe dúirt an tUasail McKay,

"Tá gníomha an Aire go hiomlán inghlactha i dtaca le cúrsaí timpeallachta. Creideann an Aire nach bhfuil tionchar ag an chine daonna ar athrú aeráide, fiú nuair a deireann saineolaithe ar fud an domhain go bhfuil.

"Níor lig do Sammy Wilson feachtais eolais fán athrú aeráide a bheith curtha i bhfeidhm anseo sna Sé Chontae agus is cúis imní é seo do fórmhór an phobail atá ag iarraidh níos buartha fán timpeallacht i gcónaí.

"Sin a fáth ar chuidigh mé le vóta mímhuiníne ag an choiste inniu. Tá freagrachtaí ar Sammy Wilson mar Aire san Fheidhmeannas éisteacht linne ar an choiste, leis an phobal agus le áineolaí san abhár seo." CRÍOCH

Connect with Sinn Féin