Sinn Féin - On Your Side

Níl aontas ar bith fá staitistící Gaeilge sna scoileanna – Sinn Féin

12 February, 2009


Ag déanamh tagairt ar tuairisc sna meáin cumarsáide inniu dúirt urlabharaí oideachais Shinn Féin Seán Ó Dubhda CTR, nach bhfuil aontas ar bith ar go bhfuil níos mó páistí sna Sé chontae ag foghlaim na Gaeilge nó tríd an Ghaeilge agus iad ar scoil.

Dúirt an tUasal Uí Dhubhda,

"Léiríonn na stáitistící seo ón BBC innu go bhfuil páistí a bhfuil Gaeilge acu ag dul i méid an t-am ar fad, ó 484 i 1992 go dtí 3285 i 2008 anseo sna Sé Chontae.

"Chomh maith le seo tá tuilleadh pháistí sa Bhreatain Bheag agus san Albain ag foghlaim á gcuid teanga ceilteach s'acu fhéin.

"Ta níos mó tuismitheorí ag tuigbheál go bhfuil buntáistí fíor éifeachtach le oideachais dhá-theangach agus is rud maith é seo.

"Sa tuairisc deireann an tOllamh Colin Baker go spreagann dhá teanga an inchinn i bhfad níos mó ná ceann amháin.

"Is maith an rud é mar sin de go bhfuil Aire Oideachais again anseo sa Tuaisceart, í fhéin ina Gaelgóir, atá ag oibriú chun caighdeán teangachais a ardú tríd na scoileanna ar fad. Is é sin an fáth a bhfuil seal ag páistí an Ghaeilge nó an Spáinnis a fhoghlaim anois agus iad ar scoil. " CRÍOCH

Connect with Sinn Féin