Sinn Féin - On Your Side

Bás Eddie Keenan

27 February, 2009


Tá Uachtarán Sinn Féin agus FP do Bhéal Feirste Thiar, Gearóid Mac Adhamh, i ndiaidh a "mhórbhrón" a chur in iúl fá nuacht bhás an phoblachtaigh ársa, Eddie Keenan (é 88 bliain d'aois) a fuair bás tráthnóna inné sa bhaile ag Cill Uaighe. Ghabh an t-Uasal MacAdhamh chomhbhrón ó chroí lena clann.

D'éag bean Eddie, Mary, mí Dheireadh Fómhair anuraidh.

Dúirt an Feisire d'Iarthar Bhéal Feirste:
"Tá aithne agam ar Eddie Keenan le blianta fada, agus bhí meas mór agam air i rith an ama sin. Casadh orm den chéad uair é agus mé go fóill i mo dhéagóir.

Ba ghníomhaí poblachtach é, Gaeilgeoir tiomanta, ceoltóir, amhránaí, rinceoir agus seanchaí den scoth - ar na seanchaithe is fearr dá raibh ann.
Bhí clú ar Eddie ar fud na hÉireann agus bhí ardmheas agus grá ag daoine dó in achan áit. Bhí craic ar dóigh aige i gcónaí agus b'fhear uasal é leis.
Ba iar-chimí poblachtach é Eddie fosta, a cuireadh i bpríosún Bhóthar Chromghlinne sna 1940í. D'éalaigh sé ach gabhadh é ar ball i mBaile Átha Cliath, chomh maith le Brendan Behan, agus coinníodh é sa Churrach.

Gabhadh é arís sna 1970í agus imtheorannaíodh é sa Chéis Fhada.

I 1976 mharaigh scuad maraithe aontachtaigh iníon dá chuid, Rosaleen, agus a fear, Mervyn.

Fágann sé ceathrar iníonacha, Maire, Fionnula, Una agus Jennifer, agus triúr mac, Eamon, Patrick agus Fergal. Ba sheanathair agus sin-seanathair é fosta.

Connect with Sinn Féin