Sinn Féin - On Your Side

Gerry Adams le lainseáil imeachtaí Shinn Féin do Seachtain na Gaeilge 09

28 February, 2009 - by Pat Sheehan


Cuirfidh Uachtarán Sinn Féin Gerry Adams tús le imeachtaí an pháirtí do Seachtain na Gaeilge 2009 an Luan seo ag 11:45rn i Oifigí an Pháirtí i Stormont.

Seolfadih Gerry an leabhairín 'Gaeilge Riactanach baill Shinn Féin'.

Seo thíos liosta de na himeachtaí a bhfuil eagraithe ag an pháirtí

Seachtain na Gaeilge 2009 - Imeachtaí Shinn Féin:

1. Seoladh leabhair 'Gaeilge riachtanach do ghníomhaithe' le Gearóid Mac Adhaimh ag Stormont.

Am: Luan 2 Márta, 11.45rn
Áit: Stormont.
Beidh Uachtarán Sinn Féin ag seoladh an leabhar Gaeilge seo agus ag cur tús le himeachtaí Shinn Féin fá choinne Seachtain na Gaeilge.

2. Nochtadh múrphictiúr Gaeilge ag suíomh na seanbheairice Bhaile Andarsain.

Am: Máirt 3 Márta, 1.00in
Áit: Suíomh na seanbheairice, Baile Andarsain
Beidh Sinn Féin an léiriú tacaíochta don Ghaeilge ag an suíomh stairiúil seo le linn na Seachtaine.

3. Dianchúrsa Gaeilge do bhaill Shinn Féin.

Am: Satharn 14 Márta, 10.00rn
Áit: Cumann Rodaí MhicCorlaí, Bóthar an Ghleanna
Dianchúrsa Gaeilge le ranganna ag gach leibhéal do ghníomhaithe ar mhaith leo snas a chur ar a gcuid Gaeilge

4. Maidin Caife 'Seachtain na Gaeilge' ag Stormont do Chomhaltaí Tionóil

Am: Máirt 10 Márta, 10.30rn
Áit:Stormont.
Deis do na baill tofa teacht le chéile chun an Ghaeilge a cheiliúradh ag Stormont.

5. Ceiliúradh bliana Chumann Chaoimhín Mhic Bhrádaigh de chuid Sinn Féin

Am: Luan 16 Márta, 7.00in
Áit: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
Caint agus gloine fíona chun obair an chumainn úir a cheiliúradh agus chun críoch a chur le Seachtain na Gaeilge '09.

Connect with Sinn Féin