Sinn Féin - On Your Side

Tús Seachtain na Gaeilge 2009

2 March, 2009 - by Pat Sheehan


Lainseáil lámhleabhair 'Gaeilge Riachtannach do ghníomhaithe Shinn Féin' ar máidín in oifigí Shinn Féin i Stormont.

Ag labhairt i ndiadh an ócáid dúirt Uachtarán an Pháirtí Gearóid Mac Adhaimh BP, CTR,

"Ba mhaith liom moladh agus comhghairdeas a thabhairt do gach duine anseo, ar fud na hÉireann agus thar lear atá ag ceiliúradh 'Seachtain na Gaeilge'.
Sé an cúis de Seachtain na Gaeilge ná cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge le ceol, le sport agus dóigh ar bith eile. Beidh baint ag scoileanna, gnónna agus an phobal féin.
Tugann Sinn Féin taca do Seachtain na Gaeilge agus le mílte eile idir ghrúpaí agus daoine aonair, tá roinnt imeachtaí socruithe againn thar an choicís -

  • Beidh nochtadh múrphictíur ar an Seanbhearaic i mBaile Andairsean maidín amárach.
  • Beidh maidin caife againn anseo i Stormont ar an Mháirt seo chugainn
  • Beidh dianchúrsa sna Rodaí's De Sathairn
  • Beidh oíche craic againn le Bairbre de Brún sa Chultúrlann
  • Ar maidin tá muid ag seoladh an lámhleabhair beag seo. Tá sé lán de téarmaí atá úsáideach i saol an pháirtí.

Glacadh le roinnt moltaí ag an Ard Fheis an tseachtain seo caite agus is am maith dúinn ansin an leabhrán seo a sheoladh.
Tá daoine ag obair ar an dara leabhar cheana agus beidh sé again roimh deireadh an tSamhraidh.
Chreideann SF sa teanga.
S'é an fís atá againn ná páirtí dátheangach a chruthú, chomh maith le sochaí dátheangach. Tá a lán obair maith déanta le blianta anuas go háirithe sa tuaisceart. Tá sé ar intinn ag SF tógáil ar an obair agus leanúint ar aghaidh.
Creideann SF go gcaithfidh muid an teanga a fhorbairt agus a chosaint, tá muid daingean air seo.
Tá obair den scoth déanta ag na hAirí Sinn Féin, go háirithe Caitríona Ruane, Aire Oideachais a bhfuil a lán déanta aicí don Ghaelscolaíocht.
Teanga dúchais atá labhartha sa tír seo le níos mó na dhá mhíle bliain! Tá sé lárnach agus fite fuaite inár gcultúir, sna hainmneacha, sna sleibhte, sna sruthanna. Tá sé neadaithe sa litríocht agus sa mheon…
Tá ceist cearta anseo chomh maith. Ba cheart go mbeidh na cearta céanna ag lucht na Gaeilge agus atá ag gach duine eile. Ba cheart go mbeidh lucht na Gaeilge ábalta a saol a chaitheamh fríd ár dteanga dúchais - ar obair, ar scoil nó sa bhaile.

Ba cheart go mbeidh fáil acú ar seirbhísí an rialtais.

Sin an fath go bhfuil Sinn Féin ag troid ar son Acht na Gaeilge.
Caithfidh go mbeidh na cearta seo slán faoin dlí. Teanga ar bith eile atá i mbaol 'sé sin an dóigh á chosaint, le hacht teanga.
Creidim fosta go mbeidh fás ar an Ghaeilge agus ní bheidh sé mar gheall ar dlíthe, nó Acht na Gaeilge, nó taca ó Sinn Féin. Beidh fás ar an Ghaeilge mar gheall ar an neart agus an brí agus an fócas de phobal na Gaeilge agus de ghrúpaí na Gaeilge.
Amharc ar an mhéid atá déanta ag an phobal seo go dtí inniu. Ní raibh Acht na Gaeilge de dhíth le haghaidh na tograí tithe, na Gaelscoileanna, na ranganna do dhaoine fásta agus an bunadh Gaelach.
Tharla sé mar gheall ar na múinteoirí is teaghlaigh, mar gheall ar na gníomhaithe teanga agus na daoine feachtais.
Tá muid uilig go mór i bhfiachas dóibh." CRÍOCH

Connect with Sinn Féin