Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh an rialtas stop a chur le h-ionsaithe ar theanga na gaeilge

11 March, 2009 - by Pearse Doherty TD


Ag caint sa Seanad inniu dúirt an Seanadóir Shinn Féin Piaras Ó Dochartaigh:

"Cuirim fáilte roimh an díospóireacht seo. Bhí mé ag cuartú díospóireachta ó tháinig mé isteach go dtí an Teach seo ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Cé go gcuirim fáilte roimh an díospóireacht seo, níor chóir don Ghaeilge bheith curtha sa choirneál le linn Seachtain na Gaeilge. Níl go leor ama tugtha don díospóireacht agus ní cheart dúinn bheith ag plé cúrsaí Gaeilge as Gaeilge, ba cheart dúinn na cúrsaí uilig a bhíonn le plé againn, ó stát na tíre go dtí cúrsaí iacaireachta, cúrsaí fostaíochta agus cúrsaí eacnamaíochta, a phlé tríd an Ghaeilge. Chuir mo chomhghleacaithe sa Dáil rún síos ar Riar na hOibre ansin mar gheall air sin go mbainfaimis úsáid as an Ghaeilge 50% den am le linn an lae seo agus an lae amárach. Chuir mé féin agus Seanadóir O'Toole an rún céanna síos sa Seanad.

"Ag leanúint air sin, ba cheart go mbeadh sé aontaithe ag na páirtithe go léir céadchodán go bhféadaimis amach anseo le linn 2009 an Ghaeilge a úsáid sa Teach seo agus sinn ag plé ceisteanna eile.

"Sin ráite, cuirim fáilte roimh an díospóireacht agus tá mé buíoch den Cheannaire ach, mar a dúirt mé, caithfimid an Ghaeilge a úsáid agus sinn ag déanamh gnáthobair na dTithe seo agus ní amháin nuair a bhíonn cúrsaí Gaeilge a bplé againn.

"Ag díriú isteach ar an méid atá ráite ag an Aire Stáit, tá cúpla pointe ann. Nuair a luaitear na Gaelscoileanna, ceann de na neamairt mhóra atá á dhéanamh ag an Rialtas seo ná an ciorcalán 0044/2007 agus go bhfuil an tAire Oideachais agus Eolaíochta go fóill dubh in éadan an tumoideachais agus ag iarraidh deireadh a chur leis. Go dtí an pointe seo, tá gníomhairí na teanga ag tabhairt cás cúirte in éadan an Stáit le cosaint a thabhairt don módh teagaisc seo, modh teagaisc a oibríonn ar fud an domhain. Is scannal é má amharcann daoine ar cad é tá ag tarlú anseo nuair atá cosaint bhunreachtúil ag an Ghaeilge mar phríomh-teanga na tíre seo. Má amharcann daoine ar cad é atá ag tarlú sa Chomhthionól sna Sé Chondae, áit nach bhfuil an chosaint chéanna ag an Ghaeilge, tá an tumoideachas mar pháirt lárnach i bpolasaí an Rialtais ansin ó thaobh cúrsaí oideachais de. Bheadh sé go maith le linn Seachtain na Gaeilge dá bhfógródh an tAire Oideachais agus Eolaíochta go dtarraingeodh sé siar an ciorcalán sin agus go ligfeadh sé don tumoideachas dul ar aghaidh agus go gcuirfeadh sé stop leis an ionsaí atá an Rialtas seo a dhéanamh ar na Gaelscoileanna ar fud na tíre, scoileanna atá ag déanamh obair ar dóigh.

"Ó thaobh an staidéir teangeolaíochta de, a luaigh an tAire Stáit sa ráiteas, rud atá ardaithe agam sa Teach seo go minic, ní thuigeann an Rialtas cé chomh práinneach agus atá sé. Tá se foilsithe anois ó 2007 agus chosnaigh sé níos mó na €500,000. Tá sé ráite go soiléir, i ndubh agus bán, sa staidéar go mbeidh an ceantar is láidre sa Ghaeltacht ag fáil bháis taobh istigh de 15 bliana mura gcuirfear na polasaithe atá sa staidéar i bhfeidhm. D'fhógair an tAire go mbeadh plean gníomhaíochta ag an Rialtas roimh dheireadh na bliana 2008. Tháinig sin agus d'imigh sé agus go fóill níl an plean sin againn. Nuair a chuir mo chomhghleacaithe sa Dáil ceist síos don Aire le fáil amach cé mhéad uair a bhuail an coiste aireachta ar a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach, dhá uair ba fhreagra don cheist." Críoch

Connect with Sinn Féin