Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh an Aire Campbell aithint go bhfuil critéir difriúla ann i dtaca leis an Ghaeilge – Ó Brollaigh

16 June, 2009 - by Cathal Ó hOisín


Ag labhairt dó i ndiaidh ceisteanna chuig an Aire Cultúr i gCnoc an Anfa inniu, dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Proinsias Ó Brollaigh, go bhfuil ar an Aire Campbell aithint go bhfuil difríochtaí praiticiúla ann idir an Ghaeilge agus an Albanais Uladh.

Ag labhairt ón Tionól inniu dúirt an tUasal Uí Bhrollaigh

“Níl fadhb ar bith agam leis an Aire Campbell ag iarraidh an Albanais Uladh a cuir chun cinn; ach caithfidh sé aithint nach bhfuil forbairt na Gaeilge ag brath ar fhorbairt an Albanais Uladh. Dhá rud difriúla, leithleach atá i gceist leis an bheirt seo.

Faoin Cairt Eorpach tá dualgais áirithe ar an Fheidhmeannas agus an Tionól chomh maith i dtaca le cuir chun cinn na Gaeilge. Tá ar Gregory Campbell insint dúinne cad é atá idir lámh aige faoi láthair leis an Gaeilge a fhorbairt anseo sna Sé Chontae. Tá Acht fiúntach, bunaithe ar cearta i dteideal ag an phobail gaelach anseo sa Tuaisceart agus tá an streachailt ar son na hAchta ar dul ar aghaidh go fóill.

Tá ar an Aire aithint fosta, go bhfuil ráchairt níos leithne ann amuigh ansin fa choinne oideachais, craoltóireacht, litríocht, seirbhísí agus a leithid, trí mheán na Gaeilge, na mar atá tríd an Albanais Uladh.

Níl duine ar bith ag iarraidh a bhaint ar shiúl ón cultúr Alabanais Uladh ach ag an am céanna níl muid dul a glacadh leis an Aire Campbell leanúint leis ag cur bac ar fhorbairt an teanga Ghaeilge ach an oiread.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin