Sinn Féin - On Your Side

Fáilte curtha roimh leithscéal ón BBC

18 June, 2009 - by Cathal Ó hOisín


Cuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Proinsias Ó Brallaigh CTR fáilte roimh an BBC a gabháil a cuid leithscéalaí le Gaeilgeoirí na Sé Chontae mar gheall ar iriseoir ón stáisiún ag caint le linn óráid Gaelach Bairbre de Brún i ndiaidh bua s’aicí i dtoghchán na hEorpa.

Ag labhairt do inniu dúirt an tUasal Uí Bhrollaigh;

“Táim iontach sásta go n-aithníonn an BBC go raibh an dí-mheas seo go hiomlan mí-glactha.

Nuair a thosaigh Bairbre óráid s’aicí as Gaeilge lán iriseoir ón chlár spéisialta ar Ráidió Uladh BBC leis a labhairt tharr an rud. Léirigh seo dí-mheas millteanach don phobail Gaeilge anseo sna Sé Chontae.

Tá cearta áirithe ag an Gaeilge faoin Cairt Eorpach agus mar sin de, mar údaráis poiblí tá dualgais ar an BBC cinntiú go bhfuil tuairisceoireacht cothrom agus meas léirithe don teanga.

I ndiaidh a lán gearán ó lucht éisteachta Ráidió Uladh, d’aontaigh siad go raibh sé go hiomlán “neamhfhóirsteanach” agus gabhail siad a leithscéal. Cuirim fáilte roimh seo agus aithním gur dhúirt an BBC nach bhfuil seo mar chuid de polasaithe eagarthóireachta s’acu.

Tá an Ghaeilge beo, bríomhar agus oscailte do chách le bries agus 65 Gaelscoileanna ar fur an Tuaisceart. Tá dualgais ar an BBC cearta na bpáistí seo, agus achan Gaelgóir, a chosaint.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin