Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh dearcadh an DUP air an Ghaeilge athrú – Mac giolla Dhuibh

22 June, 2009 - by Barry McElduff


Dúirt Cathaoirleach an Coiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Barra Mac Giolla Duibh, agus é ag déanamh tagairt don scéal go mbeidh Nelson McAusland mar an tAire Cultúir úr sna Sé Chontae

“Is cinnte go bhfuil droch-chlú ar an DUP i dtaca le caitheamh leis an Ghaeilge de.

Theip ar Edwin Poots agus Gregory Campbell chun Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm. Rud a bhí mar dualgais orthu mar Airí Cultúir.  Seo acht atá bunaithe ar cearta daonna.

Go luath le linn tréimhse s’aige dhiúltaigh Edwin Poots go mbeidh Acht ann. Is cúis bróin agus náire é go bhfuil an tAire nua, Nelson McAusland i ndiaidh an seasamh céanna a ghlacadh inniu.

Ar a bharr seo theip ar Gregory Campbell ‘Straitéis Teanga’ s’aige a chuir os comhair an Coiste Cultúir.

Caithfidh Nelson McAusland aithint anois go bhfuil dualgas air freagrachtaí iomlán s’aige a chomhlíonadh.

Ciallaíonn sé sin reachtaíocht fiúntach, bunaithe air cearta a chur i bhfeidhm anseo sna Sé Chontae. Bheadh sé deas dá dtiocfá le Nelson léiriú don domhain mhóir go bhfuil an DUP réidh agus ábalta bheidh aibí faoi cearta Gaelgóirí.”

Connect with Sinn Féin