Cuireann Sinn Féin fáilte roimh Choimisinéir Teanga nua
Chuir Aengus Ó Snodaigh TD, úrlabhrai Sinn Féin ar Gaeilge agus Gaeltachta, fáilte roimh cheapadh an chéad Choimisinéir Teanga Seán Ó Curreáin ag an Uachtárán Máire Mhic Giolla Iosa in Áras an Uachtaráin inniu.
Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:
"Is céim tábhachtach chun tosaigh é do phobal na Gaeilge. Ba chóir anois Oifig an Choimisinéara Teanga a chur ag obair gan moill agus é a mhaoiniú i gceart. Bhi moill fada ar obair an Choimisiúin um Chearta Daonna mar nior tugadh an foireann dóibh.
"Tá sé deimhnithe ag an Rialtas nach raibh sé i gceist riamh go bhfostófai daoine nua in Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá súil agam go mbeidh a dhóthain stát-seirbhisigh ag an Coimisinéir nua chun dul ar aghaidh leis an obair." DEIREADH