Sinn Féin - On Your Side

Mac Adhaimh chun bualadh le Foras na Gaeilge maidir le nuachtseirbhís Gaeilge

3 July, 2009 - by Pat Sheehan


Léirigh Uachtarán Sinn Féin díomá ar imeacht Foinse – an nuachtán Gaeilge. D’iarr an tUasal Adams cruinniú práinneach ar chathaoirleach agus ar phríomh-fheidhmeannach an Fhorais le plé ar na céad céimeanna eile atá de dhíth láithreach le nuacht seirbhís úr as Gaeilge a chruthú. Caithfear cinntiú go bhfuil sé I gcló agus ar líne agus ar aon chaighdeán le Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Gerry Adams:

"Cúis mór díomá dom go bhfuil teipthe ar na straitéisí a chuir an Foras i bhfeidhm le nuachtán Gaeilge a chur ar fáil do phobal na Gaeilge.

Ba chóir go mbeadh sé mar chuspóir ag Foras na Gaeilge, creidim féin ná nuacht sheirbhís laethúil ar líne agus i gcló a chuir ar fáil, nuacht seirbhís Gaeilge a bheas ar aon chaighdeán le nuacht TG4 nó Raidió na Gaeltachta.

Is é an sprioc a bheadh ann ná nuacht sheirbhís laethúil ar líne agus i gcló a chur ár gcló féin, mar phobal teanga, ar imeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Dúirt an tUachtarán Sinn Féin:

B'fhiú don Fhoras idir phlé gasta a bheith aige leis na grúpaí Gaeilge agus le dreamanna eile soláthar nuacht Ghaeilge, ina measc Nuacht 24 i mBéal Feirste, leis an bhealach is fearr chun cinn a bheartú.
Tá ról ar leith sa díospóireacht seo le himirt ag an BBC, RTÉ, TG4 agus Raidió na Gaeltachta chomh maith le Raidió na Life agus Raidió Fáilte. Murar féidir leis an earnáil phríobháideach nuachtán agus nuacht sheirbhís Ghaeilge a chur ar fáil mar tá riachtanach, an féidir leis na craoltóirí an cúram breise seo a ghlacadh orthu féin le cuidiú an Fhorais agus/nó Údarás na Gaeltachta.

Is den riachtanas é ag aon teanga 21ú céad nuacht sheirbhís láidir chlóite agus ar líne a bheith aici ní ar mhaith le soláthar eolais amháin ach maidir le cruthú poist, oiliúint iriseoirí agus cothú phobal na Gaeilge.

Creideann Sinn Féin go gcaithfidh an Foras bheith chun tosaigh ag plé leis na tosaíochtaí seo.

Tá mise ag iarraidh bualadh le cathaoirleach an Fhorais agus leis an phríomh fheidhmeannach amach anseo leis na moltaí seo a chur chun tosaigh, agus le buarthaí Shinn Féin fá dhruidim nuachtáin eile a phlé." CRÍOCH

Connect with Sinn Féin