Sinn Féin - On Your Side

Díomá faoi tuarascáil deireanach an Choimisinéir um Athruithe ar Theorainneacha an Rialtais Áitiúil – Sinn Féin

20 July, 2009


Ag caint dó i ndiaidh foilsiú tuarascáil deireanach an Choimisinéir um Athruithe ar Theorainneacha an Rialtais Áitiúil, dúirt Séanna Breatnach, ar cathaoirleach é ar Roinn Cultúir Shinn Féin, dúirt sé:
“Tá díomá mhór ar Shinn Féin i ndiaidh do Choimisinéir na dTeorainneacha Rialtais Áitiúil ó thuaidh diúltú d’aitheantas a thabhairt do leaganacha dátheangacha na mBardaí sa thuairisc a chuir sé chuig an Roinn Timpeallachta.
Tháinig a thuairisc amach as próiseas comhairlúcháin ina léirigh Gaeil ar fud na sé chontae tacaíocht don bheart seo, cuid acu a labhair as Gaeilge leis an Choimisiún ag na héisteachtaí a bhí mar chuid den phróiseas. Níl na fáthanna a thug an Coimisinéir dá dhiúltú, cóir ná ciallmhar. Níor dúradh linn, mar shampla, cad chuige a gcreideann an Coimisinéir nach foras gaolmhar é a Choimisiún faoin Cháirt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh, agus cén fáth ina thuairim nach mbaineann an Cháirt leo. Tá sé níos aistí arís a cheistiú fán éileamh atá ann don aitheantas seo agus an t-éileamh chomh mór agus a bhí in áiteanna áirithe. Cuir i gcás Béal Feirste mar a raibh formhór na n-aighneachtaí ar fad – 82% i ndiaidh na chéad tréimhse – ag tacú le haithint na leaganacha Gaeilge de Bhardaí. Dhiúltaigh an Coimisinéir míniú cén dóigh gur féidir leis neamhaird glan a thabhairt ar mhianta na ndaoine sa chás seo, agus glacadh leis na hainmneacha Duncairn agus Blackstaff ag an am céanna “ar chúiseanna a bhaineann le stair agus tíreolaíocht/dúchas an cheantair agus an baint atá ag daoine áitiúla leis an ainm.
Tá pobal bríomhar Gaeilge ann atá ag fás i dtuaisceart na hÉireann. Nochtann an chuid is mó de logainmneacha an nasc stairiúil láidir idir áiteanna agus an Ghaeilge. Déanann moltaí an Choimisinéir neamhaird ghlan ar mhianta phobal na Gaeilge go ginearálta agus léiríonn siad cé chomh haineolach atá sé maidir le fíor-nádúr na gceantar lena bhfuil a Choimisiún ag plé.
Tá sé de dhualgas ar an rialtas, mar a leagtar síos i gComhaontú Aoine an Chéasta agus sa Cháirt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh, céimeanna a ghlacadh go gníomhach chun aitheantas a thabhairt ar fhéiniúlacht phobal na Gaeilge ó thuaidh. Is léir ón méid atá i dtuarascáil deireanach an Choimisinéir go bhfuil deis maith chun sin a chur chun cinn caillte anseo.”
CRÍOCH

Connect with Sinn Féin