Sinn Féin - On Your Side

Cuireann Sinn Féin fáilte roimh phróiseas úr Foras na Gaeilge le nuachtán seachtainiúil nua a bhunú.

22 July, 2009 - by Cathal Ó hOisín


Chuir Urlabhraí Gaeilge agus BT de chuid Sinn Féin, Francie Brolley fáilte inniu roimh an nuacht go bhfuil Foras na Gaeilge ag fógairt tairiscintí do nuachtán seachtainiúil Gaeilge.

Cuirim fáilte chroíúil roimh an ráiteas inniu ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil siad ar lorg tairiscintí do nuachtán seachtainiúil Gaeilge úr. Bhí nuachtán Gaeilge amháin ar a laghad ar an saol in Éirinn le níos mó ná céad bliain anois.

Ba chúis mhór díomá dom gur druideadh Foinse ar na mallaibh. Tá mé dóchasach go mbeidh cibé grúpa a gheobhaidh an conradh úr seo go ceann ceithre bliana, go dtig leo freastail ar Ghaeilgeoirí ar fud an oileáin, thuaidh is theas, sa Ghalltacht agus sa Ghaeltacht.

Mar a dúirt Gerry Adams ar na mallaibh, ba chóir go mbeadh sé mar chuspóir ag Foras na Gaeilge nuacht sheirbhís laethúil ar líne agus i gcló a chuir ar fáil, nuacht seirbhís Ghaeilge a bheas ar chomh chaighdeán le nuacht TG4 nó Raidió na Gaeltachta.

Is é an sprioc a bheadh ann ná an nuacht sheirbhís seo bheith ar ár gcló féin, mar phobal teanga, ar imeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Spreagfainn Foras idir phlé a bheith aige leis na grúpaí Gaeilge agus le dreamanna eile soláthar nuacht Ghaeilge, as forbairt a dhéanamh ar an bhealach is cuimsitheach agus is gairmiúla chun tosaigh.

Ar an drochuair mairfidh an próiseas sin go ceann tamaill. San idirlinn, tá mé ag súil go mór leis an nuachtán seachtainiúil úr seo a fheiceáil ar dhíol sna siopaí roimh theacht an tOireachtas go Leitir Ceanainn san fhómhar.

Connect with Sinn Féin