Sinn Féin - On Your Side

Ba chóir go n-aisghairfí Acht 1737 Riar na Córa

12 August, 2009 - by Martina Anderson MEP


 

Tá Feisire Eorpach de chuid Sinn Féin, Bairbre de Brún, ag éileamh go n-aisghairfí Acht 1737 Riar na Córa a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

 

Dúirt an Feisire de Brún:

 

“Nuair a rinne POBAL amach anuraidh tacú le Caoimhín Mac Giolla Chatháin, an Gaeilgeoir agus ceoltóir clúiteach, ó Ghaeltacht Bhóthar Seoigh leis an Athbhreithniú Breithiúnach á ghlacadh, chuir mé féin ráiteas amach ag cur fáilte leis an dúshlán.

 

"Chaill Caoimhín an cás, ach ní bheidh deireadh leis an scéal ansin.

 

"Dé Sathairn 15 Lúnasa, san Óstán Europa i mBéal Feirste, beidh POBAL ag reáchtáil comhdhála le tacaíocht idirnáisiúnta ón Choimisinéir Cheanadach na dTeangacha Oifigiúla, Graham Fraser.

 

"Tá sé dochreidte dom go bhfuil rialtas na Breataine go fóill ag cosaint an iarsma coilíneachais go seasmhach sna cúirteanna 9 mbliana i ndiaidh dóibh síniú suas don Chairt Eorpach ar Mhionteangacha. Cuireann an dlí seo cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna sa tuaisceart.

 

"Ag an am céanna, déantar freastal ar theangacha mionlacha eitneacha ar bhonn laethúil i gcúirteanna anseo, rud is ceart agus cóir.

 

"Sa Bhreatain Bheag, tá an ceart ag Breatnaiseoirí an Bhreatnais a úsáid in imeachtaí gach cineál cúirte ó 1942.

 

"In Albain, cluintear an Ghàidhlig ar bhonn laethúil sna cúirteanna má iarrtar í.

 

"Caithfidh Rialtas na Breataine lánchosaintí dlíthiúla a chur in áit don Ghaeilge sa tuaisceart le creatlach a fhorbairt d’úsáid na Gaeilge i gcúrsaí uile na beatha, na cúirteanna san áireamh.”

 

Connect with Sinn Féin