Sinn Féin - On Your Side

Fáilte roimh Fleadh Cheoil na hÉireann ó Thuaidh – Mac Ghiolla Duibh

25 August, 2009 - by Barry McElduff


Chuir Cathaoirleach an Choiste Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta fáilte roimh tuairisc sna meán cumarsáide inniu a rá go bhfuil seans ann go mbeidh Fleadh Cheoil na hÉireann lonnaithe ó thuaidh i mbliana.
Dúirt an tUasal Mac Giolla Dhuibh;
“Is féile ollmhór í Fleadh Cheoil na hÉireann ag tabhairt ceoltóirí le chéile ó gach cearn den domhan faoi mheanma léiriú mothúcháin cultúrtha agus spraoi.
In ainneoin an chúlú eacnamaíochta tugann an fhéile seo seans dúinn na mílte cuairteoirí a mhealladh chuig an taobh seo tíre. Tá meas agus éad ar dhaoine ar fud an domhain as cultúr na hÉireann, don cheol ach go hairithe, níl amhras ar bith go gcuirfeadh an Fhleá an spotsolas ar chuid den tallann atá á chothú ag Comhaltas.
Mholfainn arís do na heagraithe amharc go fabhrach ar an chuid seo den oileán agus an deis chéanna a thabhairt dúinn bheith páirteach agus bainte leis an ócáid iontach seo.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin