Sinn Féin - On Your Side

Ba chóir don Rialtas sainordú a iarraidh dá gcuid polasaithe – Adams

10 September, 2009 - by Pat Sheehan


Tá an tUachtarán Sinn Féin Gerry Adams i ndiaidh fógairt gur chóir don rialtas sainordú a iarraidh dá gcuid polasaithe.
Ag labhairt i mBaile Átha Cliath ar maidin, chuir Gerry Adams síos ar an rialtas reatha ag rá go bhfuil siad ‘neamhinniúil agus neamhchumasach’ agus go bhfuil an pobal ag iarraidh athraithe.

Dúirt an tUasal Adams:

“Tá tréimhse an rialtais seo thart.

Chuir siad an pobal amú go seasta faoi fhoinsí, costais agus impleachtaí a gcuid polasaithe.
Tugadh rabhadh dóibh faoi cad é a bhí in ann dóibh – thug Sinn Féin rabhadh dóibh arís agus arís eile.
‘S iad na daoine céanna iad a chruthaigh an ghéarchéim atá anois ag tabhairt NAMA chun tosaigh, ag tabhairt ciorraithe an Bord Snip agus an Coimisiún ar Cháin chun tosaigh.

Ag an am céanna tháinig an rialtas seo chun tosaigh le reifreann atá go hiomlán mar an gcéanna leis an Chonradh Liospóin atá diúltaithe ag an phobal.

Tá sé in am go raibh athrú againn. Tá gá le holltoghchán anois.
Má chreideann an rialtas sna moltaí seo ba chóir dóibh sainordú a iarraidh ón phobal. Tá na moltaí seo chomh míchothrom sin agus beidh éifeacht thubaisteach leo ar an tsochaí seo, an chéad ghlúin eile áireamh. Más maith leis an rialtas leanúint leo, caithfidh siad bheith sásta iad féin a chur os comhair an phobail.

Tá Sinn Féin ag cur in aghaidh NAMA.
Creidimid go socróidh náisiúnú na mbanc an ghéarchéim baincéireachta sa dóigh is cothroime don íocóir cánach.
Cuirimid in aghaidh moltaí an Bord Snip. Ní chreidimid gurb é an dóigh is fearr le híoc as an ghéarchor ina bhfuil muid ná ciorruithe ar sheirbhísí sláinte, oideachais agus cúram leanaí. Creidimid nár chóir go gcuirfí cáin ar theaghlaigh leis an airgead a bhailiú chun an gheilleagair a dheisiú. Níor iarradh ar na daoine a bhfuil sé ar a chumas acu íoc.

Lig don phobal cinneadh – fógair olltoghchán anois.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin