Sinn Féin - On Your Side

Straitéis Ghaeilge don Fheidhmeannas ar bhar an liosta – Mac Giolla Dhuibh

10 September, 2009 - by Barry McElduff


Tá straitéis Ghaeilge don Fheidhmeannas luaite go soiléir sa reachtaíocht Chill Rímhinn agus níl sé maith go leor nach bhfuil sé againn go fóill.

Ag labhairt dó i ndiaidh chruinniú an Choiste DCAL inniu dúirt cathaoirleach an Choiste Barra Mac Ghiolla Duibh, gur mithid don Aire DUP McCausland “seasamh suas agus straitéis a thabhairt chun tosaigh chuig an Choiste agus chuig a chomh-airí san Fheidhmeannas.”

Dúirt Barra;

“Má dhéanann an Aire sin, thig linn bogadh ar aghaidh chuig an chéad phíosa reachtaíocht don Ghaeilge sa tréimhse seo don Tionól.

B’fhéidir leis sin go dtuigfidh an tAire agus a chomhghleacaithe aontachta nach bhfuil an spéir chun titim isteach orthu ná an domhan chun críochnú toisc go bhfuil Gaeilge aitheanta sa choirnéal beag seo d’Éirinn.

Is cáiníocóirí iad pobal na Gaeilge chomh maith agus cearta acu cosúil le duine ar bith eile. Níl sé ceart ná cóir go mbíonn siad maslaithe ag Aire ar bith sa Chomh- Fheidhmeannas.

Trí bliana i ndiaidh coimitmintí Cill Rímhín ag gealladh Acht na Gaeilge tá sé thar am do lucht na Gaeilge bogadh beag agus aitheantas a fheiceáil.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin