Sinn Féin - On Your Side

Ba chóir go mbeadh an córas comhuaineach in úsáid ag cách sa Seomra sa Tionól – Brolly

15 September, 2009 - by Cathal Ó hOisín


Ag labhairt leis inniu ar an cheist fá chóras comhuaineach don Ghaeilge i Stormont dúirt Francie Bolly, Ball Tionóil Dhoire Thoir, gur chóir go mbeadh fáil ar an chóras chomhuaineach do gach ball a bhfuil sé de dhíth orthu.
Dúirt an tUasal Uí Bhrollaigh;
“Tá córas in úsáid againn cheana féin ach ag an bhomaite tá sé teoranta don Chathaoirleach nó an Leaschathaoirleach, cibé duine atá i mbun díospóireachta. Tá fáil ag an duine sa chathaoir ar an chóras, íoctar daoine as an Ghaeilge a aistriú má labhraítear í sa Tionól ach ar an drochuair ní bhíonn duine ar bith eile ábalta éisteacht leis an chóras sin.
Is seafóid é sin, ní bheadh costas mór an rud a dhéanamh go forleathan agus ní bheadh ar na baill a labhraíonn Gaeilge an Bhéarla a chur leis.
Tá an córas seo ar fáil sa Dáil, sa Tionól sa Bhreatan Bheag agus in Alba sa pharlaimint ansin; chomh maith le Parlaimint na hEorpa.
Bá chóir go mbeadh sé in úsáid againn san aonú haois is fiche.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin