Sinn Féin - On Your Side

Cur i láthair ó na saineolaithe cruthú eile ar an ghéarghá le gníomh ar reachtaíocht teanga – Mac Ghiolla Dhuibh

24 September, 2009 - by Barry McElduff


Mhol cathaoirleach Choiste DCAL, Ball Tionóil Sinn Féin, Barra Mac Ghiolla Dhuibh inniu na hoifigigh ó rialtais Bhaile Átha Cliath, na hAlban agus na Breataine Bige a tháinig go Stormont inniu agus a thug cur i láthair don choiste ar dhea chleachtais reachtaíocht teanga.

Ag labhairt leis ag Stormont inniu dúirt an tUasal Mac Ghiolla Dhuibh:
Tá mé buíoch de na hoifigigh a tháinig anseo inniu agus a thug peirspictíocht shoiléir dúinn ar na buntáistí a bhain siad amach de thoradh ar reachtaíocht ceart-bunaithe a chosnaíonn agus a chuireann chun cinn teangacha dúchais.

Arís eile taispeánann saineolaíocht intíre agus idirnáisiúnta an bogadh chun cinn gur féidir a dhéanamh le reachtaíocht mar seo a dhéanamh don tsochaí, ó thaobh gnó, oideachas agus na healaíne de.

Ar an droch uair, níor chomhlíon rialtas na Breataine go fóill na dualgais orthu faoin Chairt Eorpach agus ón Chomhaontú Chill Rímhinn. Theip ar an DUP chomh maith sna dualgais atá orthu san Aireacht DCAL i dtaca le cur chun cinn na Cairte, ag feidhmiú Acht Gaeilge agus a moladh féin ar Straitéis Teanga a thabhairt chun tosaigh don Ghaeilge.

Tiocfaidh Nelson McAusland os comhair an Tionóil roimh Nollaig agus leanfaidh Sinn Féin ag cur brú air leis an reachtaíocht riachtanach seo a thabhairt chun tosaigh.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin