Sinn Féin - On Your Side

Bígí ag céiliúradh na Gaeilge i mBéal Feirste – Mac Adhaimh

10 October, 2009 - by Pat Sheehan


Ag labhairt dó roimh cheiliúradh na Gaeilge in Aonach Seoirse i mBéal Feirste Dé Domhnaigh. Dúirt Gerry Adams FP Uachtarán Sinn Féin gur chóir do gach duine atá ábalta freastal air.

Ag caint inniu dúirt an tUasal Adams:

“Tá sé 3 bliana ó thug Rialtas na Breataine coimitmint ag Cill Rímhinn le hAcht Gaeilge a thabhairt chun tosaigh. Loic siadsan agus loic na hAirí Cultúir ón DUP ar phobal na Gaeilge..

Cé gurbh é seo a chás tá an Ghaeilge beo bríomhar. Cuireann phobal na Gaeilge mór le sochaí anseo agus molaim iad as sin.

Molaim Pobal as an ócáid a chur le chéile agus as an deis a thabhairt don Ghaelphobal, go háirithe anseo i mBéal Feirste, teacht le chéile agus an Gaeilge a chéilúradh. Agus ná déanaimis dearmad gur tharla seo uilig gan Acht Gaeilge againngo dtí seo.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin