Sinn Féin - On Your Side

Ard-mholadh tuilte ag pobail na Gaeilge arís eile – Sinn Féin

12 October, 2009 - by Barry McElduff


Ag déanamh tagairt ar an ócáid iontach a shocraigh Pobal in Aonach Seoirse inné mhol an Ball Tionóil Barra Mac Ghiolla Dhuibh Janet Muller agus an fhoireann as ceist Acht na Gaeilge a choinneáil i mbéal an phobail.

Dúirt Barra, Cathaoirleach ar an Choiste DCAL sa tionól:

“Bhí sé thar a bheith tábhachtach an dáta seo a aibhsiú agus 3 bliana caite againn ó gheall Rialtas na Breataine go mbeadh Acht Gaeilge againn. Ba léir ón tsiamsaíocht agus ón cheiliúradh nach mbeidh lucht labhartha na Gaeilge ag géilleadh ná ag imeacht mar gheall ar an seasamh diúltach ná an t-imreas i dtaobh na teanga de, ón DUP.

Bhí mé féin in éineacht le Bairbre de Brún, BPE Sinn Féin, i láthair ag dinnéar oíche Shathairn leis an Aire Oidhreachta ón Bhreatain Bheag, Alun Ffred Jones agus dream de Ghaeilgeoirí na háite. Thaitin sé go mór liom ag ceistiú agus ag éisteacht leis an aire ag cur síos ar na forbairtí atá déanta agus an méid atá beartaithe acu sa Bhreatain Bheag le teacht Acht Teanga s’acu.

Tá mé cinnte gurb é seo an bealach is fearr leis an nimh a bhaint de cheist na Gaeilge ná reachtaíocht ceart-bunaithe a thabhairt isteach sa dóigh is go mbeidh seans ag lucht na Gaeilge an saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge, más maith leo amhlaidh.

Nuair a tugadh gealltanas ag Cill Rímhinn go mbeadh Acht na Gaeilge ann, thuig muid nárbh é sin deireadh na bhfadhbanna do phobal na Gaeilge. Sin ráite, níor shíl muid go mbeadh an naimhdeas céanna ann don teanga ársa seo ‘is atá feicthe go dtí seo.

Rud amháin atá cinnte, áfach, ná nach mbeidh daltaí na nGaelscoileanna nó tuismitheoirí s’acu ná lucht na Gaeilge go coitianta ag fanacht go ciúin go deo. Tá muid dáiríre fá seo agus beidh ár gcearta againn, beidh Acht Gaeilge againn.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin