Sinn Féin - On Your Side

Ag tacú le Ghaelscoil Bharra

27 October, 2009 - by Pat Sheehan


Glactha ó Blag Gearóid Mac Adhaimh http://www.leargas.blogspot.com

"Agus, mar chríoch, comhghairdeas do na daltaí, foireann agus tuismitheoirí de Ghaelscoil Bharra sa Chabrach , atá i ndiaidh Uimhir 7 sna cairteacha a bhaint amach in éineacht le banna cheoil ‘rhythm and roots’ – Tupelo agus an CD ‘Cá bhfuil ár scoil’.

Bunaíodh Gaelscoil Bharra 14 bliana ó shin agus inniu tá níos mó ná 220 dalta ann. Thug an Blag seo roinnt cuairteanna ar Scoil Bharra agus chonaic mé an dian-iarracht atá déanta ag bainistíocht na scoile, ag tuismitheoirí agus ag ionadaithe áitiúla chun buanfhoirgnimh úra a thógáil le cead ó Airí Oideachais leanúnacha.

Cén fiúntas an Tíogar Ceilteach nuair a lonnaítear an scoil bhreá seo sna seomraí ranga réamhdhéanta atá plódaithe, gan teas cuí agus le sláintíocht dara grád.

Tacaigh leis na daltaí – tacaigh leis an scoil agus déan cinnte go bhfeicfidh muid ‘Cá bhfuil ár scoil?’ Uimhir 1 a bhaint amach.

Is féidir é seo a dhéanamh mar:
• Íoslódáil ó iTunes ar 99c
• Téacs “MUSIC 4075” a chur chuig 5701
• CD – Eagrán Teoranta a cheannacht ar € 3 ó Tower Records, Sráid Chill Mhantáin i mBaile Átha Cliath.

Connect with Sinn Féin