Sinn Féin - On Your Side

Comhghairdeas do gach duine a raibh páirteach in Oireachtas na Gaeilge i mbliana – Gerry Adams

3 November, 2009 - by Pat Sheehan


Tar éis na comórtais, na leachtanna agus an tsiamsaíocht uile dúirt GA gur chóir bualadh bos mhór a dhul go dtí na heagraithe agus na rannpháirtithe ag Oireachtas na Samhna 2009 i Leitir Ceanainn.

Dúirt GA: “Bhí mé féin ag súil go mór leis an Oireachtas i mbliana agus socraithe déanta taistil ann agus sult a bhaint as an chraic ansin. Ach tharla an chonspóid is déanaí leis an DUP agus bhí orm freastal ar roinnt cruinnithe le déileáil leis sin.


Labhair mé le Pearse Doherty agus le Gráinne Mhic Ghéidigh áfach a bhí i láthair ann agus shíl siad beirt go raibh sé ar na cinn is fearr le blianta fada. Bhí an oiread sin tallainne le feiceáil idir óg is aosta go bhfuil todhchaí na teanga agus an chultúr slán sábháilte le tamall eile.

D’amharc mé féin ar chuid den fhéile ar TG4 agus tógann sé mo chroí na sluaite óga ag ceiliúradh an Ghaelachais gan chúthaileacht. Fuair mé tuairisc ar na díospóireachtaí go háirithe ar an fheachtas in aghaidh an Bord Snip agus Plean 20 Bliain agus tá mé ag súil le forbairtí ansin roimh dheireadh na bliana.

Idir an dá linn, guím gach rath ar Choiste an Oireachtais don bhliain seo chugainn, ‘sa Ríocht’ níl amhras ar bith ná go mbeidh fearadh na fáilte ag muintir Chiarraí ar lucht na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge.

Tá mé ag súil nach mbeidh aon bheart gan choinne ag ár gcairde sa chomhrialtas anseo dúinn roimh an cheann sin." CRÍOCH

Connect with Sinn Féin