Sinn Féin - On Your Side

Seicteachas agus aineolais ón TUV arís

4 November, 2009 - by Barry McElduff



Is iarracht é seo lucht labhartha na Gaeilge a mhaslú agus rud beag poiblíochta a tharraingt orthu, an ráiteas seo ón TUV ag tabhairt “teanga ‘leprechaun” nó “teanga marbh” ar an Ghaeilge.
Ag labhairt inniu dúirt an tUasal Mac Ghiolladhuibh:
Is iarracht éadomhain é seo chun pobal na Gaeilge a mhaslú ag tabhairt “teanga leprechaun” ar lucht labhartha na teanga beo, saibhir seo.
Níl meas mhadaidh acu do chearta ná teidlíochtaí pobail na Gaeilge agus ní aithníonn siad bun phrionsabal cóimheasa. Thaispeáin siad leis an deis poiblíochta a thapú an aineolais agus neamhaird atá acu do lucht labhartha na Gaeilge ar bhonn laethúil.
Ag tabhairt “teanga marbh” ar an Ghaeilge tá siad ag tiontú súil dhall ar an earnáil is mó fás sa réimse oideachais agus tá siad ag scaoileadh thart ar an bhorradh ar fhoghlaimeoirí fásta, cé acu go bhfuil siad ar ranganna oíche nó sna hollscoileanna nó cibé áit.
Is léir go bhfuil an TUV go fóill mar chuid den stair choilíneachais cultúrtha a d’fhéach deireadh a chur leis an Ghaeilge sa tír seo.
 
Níor éirigh leo an polasaí seo a chur i bhfeidhm go dtí seo, ní éireoidh leo anois.
Ní bheinn fiú sásta leithscéal a lorg ar an mhasla seo mar tá a’ fhios againn go rómhaith go mbeidís ag baint sult as an cheist seo bheith ina cnámh spairne dóibh.

Connect with Sinn Féin