Sinn Féin - On Your Side

Tiomnú Crainn ag Cnoc an Anfa le Ceiliúradh ar 125 Bliain den CLG

12 November, 2009 - by Pat Sheehan


Shocraigh Uachtarán Sinn Féin Gerry Adams searmanais um tráthnóna ar thailte os comhair Foirgnimh Parlaiminte le ceiliúradh ar 125 bliain den Chumann Lúthchleas Gael.

Nocht Tom Daly Uachtarán CLG Uladh agus Gerry Adams le chéile leacht ar an áit.

Ag labhairt dó i ndiaidh na hócáide, inar chuir sé síos air mar imeacht uathúil agus iontach spéisiúil , dúirt Gerry Adams:

“Rinne an CLG athrú suntasach ar an tsochaí in Éirinn. Tugann an CLG daoine le chéile ó gach leibhéal sa chomhphobail, mar nach ndéanann eagraíocht ar bith eile. Spreagann sé daoine agus tugann sé aitheantas dóibh.

Tá sé ceart mar sin go bhfuil muid bailithe anseo le ceiliúradh céad is fiche cúig bliain den Chumann Lúthchleas Gael bheith beo. Fiú I ndiaidh 125 bliain fanann an CLG ar cheann de na heagraíochtaí is tábhachtaí agus is idirghníomhaigh ar an oileán.

Shín an tUachtarán de Sinn Féin a mhéar leis an dealbh agus dúirt sé “ Bhí Edward Carson aitheanta mar aontachtóir díograiseach. Ach nuair a bhí sé ar ollscoil na Tríonóide i mBaile Átha Cliath bhí sé ina chaptaen ar an fhoireann iománaíochta.

Sa deireadh ba mhaith liom CLG a mholadh as an pháirt a bhí acu i bhforbairt na ndaoine óga s’againn is i bpobail s’againn.

Tá mé thar a bheith bródúil bheith i mo bhall den eagraíocht iontach seo agus tá mé ag dual go mbeidh an chéad fiche cúig bliain eile amach romhainn chomh rathúil.”

Connect with Sinn Féin