Sinn Féin - On Your Side

Fearadh na fáilte roimh athmhúscailt Foinse – Ó Brollaigh

18 November, 2009 - by Cathal Ó hOisín


Chuir urlábhraí Gaeilge Shinn Féin Prionsias Ó Brollaigh fáilte roimh athláthrú nuachtáin Gaeilge Foinse de chuid Pádraig Ó Chéidigh san Indo inniu.

Dúirt an tUasal Uí Bhrollaigh;

“D’imigh Foinse uainn le linn an tsamhraidh nuair a thit sciar mór fógraíochta Gaeilge mar gheall ar an chúlú eacnamaíoch agus ní raibh úinéir Pádraig Ó Chéidigh in ann teacht ar chomhréiteach le Foras na Gaeilge ar mhéid an deontais don nuachtán seachtainiúil.

Tagann an t-eagrán úr seo amach mar fhorlíonadh de chuid an Indo, nuachtán a bhfuil sean taithí ag lucht na Gaeilge air le blianta fada as an naimhdeas is imreas don chéad teanga. Ach sin ráite beidh dáileachán de 150,000 i gcomparáid leis na 4,500 den sean eagrán a bhí á dhíol acu. Mar a deir daoine ‘swings agus roundabouts’….

Pé stair agus turas a bhí ann go dtí seo tá muid ag guí gach rath ar an fhiontar nua seo, nuachtán seachtainiúil Gaeilge ar ais ar an saol.

Tá muid ag súil go mór leis an nuachtán seachtainiúil ‘saorsheasaimh’ a bheas ag teacht chun tosaigh roimh i bhfad fosta.

Ní bheidh sé furasta do cheachtar acu san am seo na gcoirruithe, ach tá lucht Gaeilge an tuaiscirt thíos leis an ghlór Ulaidh bheith in easnaimh.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin