Glacann Comhairle Bhaile Átha Cliath le rún Sinn Féin le cinntiú go mbeidh ainmneacha Gaeilge ar eastáit tithíochta nua
Glacadh le rún ag Comhairle Bhalie Átha Cliath aréir, molta ag Comhairloeir Sinn Féin Críona Ní Dhálaigh, ag cinntiú go mbeidh ainmneacha Gaeilge ar eastáit tithíochta nua agus go mbaineann na hainmneacha le stair and béaloideas áitiúil.
Dúirt an Clr. Ní Dhálaigh:
"Tá áthas orm gur glacadh leis an rún seo mar is céim chun tosaigh é do athbheochan na teanga sa chathair seo. Beidh comhairleoirí Sinn Féin ag moladh a leithéid de rún ar comhairlí ar fud an Stáit agus tá súil agam go nglacfar leo chomh maith.
"Déanann an rún seo a chinntiú go mbeidh eastáit tithíochata i mBaile Átha Cliath ainmnithe i nGaeilge le ainmneacha a bhaineann le stair agus béaloideas náisiúnta, in ionad an chórais ainmniúchán ad hoc a bhí ann." Críoch