Sinn Féin - On Your Side

Fáiltíonn Sinn Féin roimh tharraingt siar Chiorcláin 0044/2007

20 January, 2010 - by Pearse Doherty TD


D’fháiltigh an Seanadóir Pearse Doherty roimh chinneadh an Aire Batt O Keefe ciorclán 0044/2007 a tharraingt siar. Bhí an ciorclán seo chun deireadh a chuir le tumoideachas sna bunscoileanna.

Dúirt an Seanadóir:

“Fáiltím roimh chineadh an Aire an ciorclán seo a tharraingt siar agus sílim go bhfuil sé ibhfad thar am aige seo a dhéanamh.

"Ón tús bhí muidinne in Sinn Féin dubh inéadan an chiorcláin seo agus sheas muid taobh le taobh le pobal na Gaeilge ina n-iarrachtaí seo a tharraingt siar.

"Is fada an tAire Oideachais sna sé Chontae, Caitríona Ruane ag tabhairt tacaíochta don tumoideachas, agus tá seo bhfeidhim sna Gaelscoileanna sna Sé Chontae.

"Tá fíanaisí láidre ann go bhfuil an tumoideachais luath ina thairbhe
iontach éifeachtach, chan amháin ó thaobh teanga de ach ó thaobh an oideachais go hiomlán de.

"Ní raibh sé ceart ag an Aire acmhainní atá gann go leor cheanna féin a chuir amú ag cosaint an chiorcláin seo fríd na cúirteanna. Ach fáiltím an cinneadh seo agus molaim go mór na daoine uilig a thug cás in éadan an stáit agus iad siúd eile go léir a d’oibir go crua chun seo a thabhairt chun críche”

Connect with Sinn Féin