Sinn Féin - On Your Side

Poist ag croílár £20 million infheistíochta Gaeilge – Mac Giolla Dubh

16 February, 2010 - by Barry McElduff


Dúirt Cathaoirleach an choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Barra Mac Giolla Dubh CTR, go mbeidh tairbhí inláimhsithe eacnamaíoch ag teacht ón fógra go mbeidh infheistíocht £20 milliún sa tionscadal Gaelach.

Ag labhairt do ar maidin, dúirt sé;

"Beidh an t-airgead seo ag dul chun leathnú na Ciste Craolacháin; cuirfidh seo ar fáil le slándáil fostaíochta agus deiseanna breise do na haisteoirí, láithreoirí, stiúrthóirí, léiritheoirí, eagarthóirí, fir ceamara, innealtóirí fuaime, cúntóirí cófraí , dearthóirí, tá an liosta gan deireadh. Cuirfidh sé fosta deiseanna oiliúna ar fáil do dhaoine óga ar mian leo a slite beatha a shaothrú i saol na craoltóireachta agus na meáin.

Táim cinnte go mbeidh neart daoine a oibríonn agus a tacaíonn leis an earnáil ag ceiliúradh an nuacht ó inné.

Ar bharr an síneadh ar an chiste craoltóireachta, feicfimid freisin £8 mhilliúin ar thionscadail bhonneagair a fhorbairt, tá seo tábhachtach go hairithe, nuair a chuimhníonn muid gur rinneadh neamhaird ar an earnáil seo ar feadh na blianta. Tá sé mar dualgais ar an rialtais tacaíocht a sholáthar i bhfoirm airgeadais do phobail faoi thiomáint thionscadail a chomhlíonann na cuspóirí éagsúla de ranna rialtais.

Bhí díomá, ach chan mórán iontas orm go raibh naimhdeas ó na “naysayers” is gnách, i dtaca leis an scéal seo, ach táim cinnte go feiceann formhór ár saoránach, ní hamháin na buntáistí cultúrtha fa choinne fhorbairt na teanga Gaeilge ach freisin an méadú eacnamaíochta agus buntáistí fostaíochta chomh maith." CRÍOCH

Connect with Sinn Féin