Sinn Féin - On Your Side

Caithfear deireadh a chuir le hAcht 1737 – Mac Ádhaimh

23 February, 2010 - by Pat Sheehan


Dúirt Uachtarán Shinn Féin, Gearóid Mac Ádhaimh CTR inniu go bhfuil dualgais ar rialtais na Breataine deireadh a chuir le hAcht 1737 a chuireann bac ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Ag labhairt do inniu dúirt sé;

“Mar atá ráite agam go minic, níl áit ar bith don Acht biogóideach seo i gcóras dlí ar bith.

Tá mé cinnte, mar aon liom fhéin, go mbeidh Gaeilgeoirí na Sé Chontae sásta cluinstin ón suíomh cúirte is déanaí inniu, go bhfuil seans maith anois ann go mbeidh breithiúnas maidir leis an Acht seo roimh an Cháisc.

Is léir nach bhfuil aon leithscéal ann don Acht as data, frith-Ghaelach seo agus tá mé arís eile ag iarraidh ar rialtais na Breataine é a scrios agus a chuir ó mhaith gan mhoill.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin