Sinn Féin - On Your Side

Foireann Tionóil Shinn Féin le ‘Rith’ ag Cnoc an Anfa

8 March, 2010


Beidh foireann Sinn Féin sa Tionól, Airí, CTR agus foireann tacaíochta ina measc ag marcáil tús "Rith 2010" ag Cnoc an Anfa amárach.

Beidh Rith 2010 ag toiseacht amárach i mBéal Feirste, ag leanúint ar aghaidh i rith Sheachtain na Gaeilge, agus ag críochnú i nGaillimh ar Lá Fhéile Pádraig.

Tá Airí agus CTR Shinn Féin ar fud an Tuaiscirt ag tacú leis an tionscnamh cheana féin trí chiliméadair a cheannach, agus iad ag léiriú a gcuid tacaíochta d’fhorbairt tionscadail Ghaeilge uile-Éireann.

Foireann Tionól Sinn Féin a d’eagraigh an lá amárach mar chomhtharlú leis an phríomh-Rith chun daoine eile a spreagadh le teacht amach agus páirt a ghlacadh san ócáid spraíúil ar fud an Eastáit Stormont.

Connect with Sinn Féin