Sinn Féin - On Your Side

Láinseáil doiciméad Gaeilge Shinn Féin

27 April, 2010 - by Pat Sheehan


Tá fáilte mór roimh achan duine go dtí lainseáil an doiciméad Gaeilge seo ar maidin.

Is fóirsteanach go bhfuil an lainseáil seo ag tarlú i Lárionad an Droichid, buaiteoirí duais uile-Éireann Glór na nGael don dara uair i mbliana. Tharr ceann Sinn Féin ba mhaith liom comhghairdeas a seoladh le foireann, coiste agus achan duine atá bainte leis an tionscadal inspioráideach seo.

Sa doiciméad seo tá muid ag taispeáin an ceannasaíocht atá léirithe ag Sinn Féin, an taithí atá againn agus an méid ar féidir linn baint amach má toghfar foireann láidir Shinn Féin.

Agus bígí cinnte go bhfuil an toghchán seo faoin ceannasaíocht; Tá imní ar dhaoine go bhfuil roinnt iarrachtaí ag dul ar aghaidh chun próiseas na síochána a chur ó mhaith.

Tá siad buartha faoin teip nach bhfuil roinnt páirtithe agus ceannairí polaitiúla ábalta éirí os cionn leas a pháirtí féin - agus an dúshlán a chomhlíonadh le tógáil don todhchaí.

[Mar sin, tá an toghchán seo faoi ag tabhairt ceannaireachta.]

Faoi dheireadh na bliana seo beidh aistriú cumhachtaí ó Londain go Béal Feirste chun déileáil le ceist na mórshiúlta, agus tá na cumhachtaí ar póilíneachta agus coir anois anseo i mBéal Feirste.

Níos mó cumhachtaí ag bogadh ó Shasana go hÉirinn an tam ar fad. Nach rud maith sin?

I measc ceisteanna le réiteach go fóill tá cearta na nGael agus beidh muid ag obair linn ar son Acht na Gaeilge a bhaint amach. Tá airgead breise ag teacht le haghaidh na teanga.

Agus fuair Sinn Fein an t-airgead sin.

Níl pháirtí ar bith eile ag déanamh obair ar son an Gaeilge ach Sinn Féin agus ag Caisleáin na Croimghlinne rinne d’obair muid go dian ar son cearta an phobail Gaelach. Leanfaidh muid linn i gcónaí ag seasamh an fhód ar son ceart na nGael.

Mar sin, tá an cheannaireacht ag Sinn Féin, tá na smaointe ceart againn, na polasaithe cearta agus an straitéis pholaitiúil ceart don todhchaí.

Agus tá foireann le taithí pholaitiúil de cheannairí tofa ag Sinn Féin nach bhfuil a leithid ag aon pháirtí eile.

Mar shampla agus muid i ndeisceart Bhéal Feirste ba mhaith liom trácht a dhéanamh ar cinneadh s’againn Alex Maskey a bhaint ón dáilcheantar seo.

Tá Alex ag déanamh an difir. Déanaigí an difir sa toghchán seo. Vótáil Sinn Féin!

Connect with Sinn Féin